Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an Taoiseach fáilte roimh thoradh na gcainteanna trádála idir an Coimisiún Eorpach agus na Stáit Aontaithe

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 27 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 28 Iúil 2025

Tá fáilte mhór roimh an gcomhaontú atá bainte amach tráthnóna inniu in Albain idir na hUachtaráin Von der Leyen agus Trump.

Tugann sé soiléireacht agus intuarthacht don chaidreamh trádála idir an A.E. agus na S.A. – an caidreamh trádála is mó ar domhan.

Is maith an rud é sin do ghnólachtaí, d’infheisteoirí agus do thomhaltóirí. Cabhróidh sé le go leor post in Éirinn a chosaint.

Bhí na hidirbheartaíochtaí a thugaimid chuig an pointe seo fada agus casta, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an dá fhoireann as a gcuid oibre foighní.

Déanfaimid staidéar anois ar shonraí an méid atá comhaontaithe, lena n-áirítear a impleachtaí le haghaidh ghnólachtaí atá ag onnmhairiú ó Éirinn chuig na Stáit Aontaithe, agus d’earnálacha éagsúla atá ag feidhmiú anseo.

Is creatlach í an comhaontú agus beidh níos mó sonraí le forbairt sna seachtainí agus sna míonna atá le teacht.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh taraifí níos airde ann anois ná mar a bhí agus go mbeidh tionchar aige seo ar an trádáil idir an A.E. agus na S.A., rud a chiallaíonn go mbeidh sé níos costasaí agus níos dúshlánaí.

Cruthaíonn sé ré nua cobhsaíochta afách a d’fhéadfadh, táimid dóchasach, cur le caidreamh atá ag fás agus ag doimhniú idir an A.E. agus na S.A., rud atá tábhachtach ní hamháin don A.E. agus na S.A. ach don gheilleagar domhanda.

I bhfianaise na rioscaí fíor-réadaigh a bhí ann go méadódh an cás agus go bhforchuirfí taraifí a mbeadh thar fóir, cuirfidh go leor daoine fáilte roimh an nuacht seo.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat