English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tithíocht do Chách: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Ráithe 4 2022 Foilsithe

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 7 Feabhra 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Sáraíodh spriocanna na bliana 2022 do sholáthar tithíochta sa chéad bhliain iomlán de Thithíocht do Chách
  • dul chun cinn déanta maidir le hinmharthanacht, inacmhainneacht, tithe folmha, nuálaíocht agus Athchóiriú

D’fhoilsigh an rialtas tuarascáil ar dhul chun cinn do Ráithe 4, 2022 faoi Thithíocht do Chách, Plean Tithíochta Nua d’Éirinn.

Tugadh, le linn na chéad bhliana féilire iomlán den phlean, beagnach 30,000 (29,851) teach nua chun críche, sárú níos mó ná 20% ar an sprioc. Cuireadh tús le tógáil 27,000 teach nua le linn na bliana, an líon is airde ón mbliain 2014. Bhí gníomhaíocht láidir le feiceáil freisin i réimse na gceadanna morgáiste, go háirithe do Cheannaitheoirí Céaduaire (FTB), agus léirigh sonraí a foilsíodh le gairid méideanna FTB ag na leibhéil is airde ón mbliain 2007.

Tá an soláthar tithe ag dul i méid in ainneoin dúshláin shuntasacha sa timpeallacht sheachtrach. Tá os cionn 41,456 teach nua tógtha cheana féin ó seoladh Tithíocht do Chách.

Áirítear ar ghníomhartha le linn Ráithe 4:

  • maoiniú méadaithe tríd an gCiste Tithíochta Inacmhainne agus Iasacht Chothromais Cíosa Costais le tithe ar cíos de réir costais a chur ar fáil ar phraghsanna inacmhainne.
  • cuireadh síneadh leis an Scéim Cabhair le Ceannach go dtí deireadh na bliana 2024 agus tá breithniú a dhéanamh ar Scéim an Chéad Theach chun tithíocht féintógtha a chlúdach. Tacaíodh an Scéim, atá ag feidhmiú ó mhí Iúil 2022, le ceannaitheoirí incháilithe 2,000 teach a cheannach sa bhliain 2023
  • cuireadh maoiniú €94 milliún ar fáil d’údaráis áitiúla chun aghaidh a thabhairt ar fhiacha talún maidir le hoidhreacht. Tá soláthar an mhaoinithe seo ceangailte le forbairt láithreach togra tithíochta, tiomantas chun Modhanna Nua-Aimseartha Tógála a úsáid agus tús a chur le tógáil in 2023/2024. Ar an iomlán, tá os cionn 30 suíomh aitheanta chun borradh a chur fúthu lena bhfuil baint ag 1,500 teach sóisialta nua
  • seoladh Nuálaíocht Tógála, Ionad Teicneolaíochta Tógála na hÉireann, chun borradh a chur faoi thaighde agus faoi nuálaíocht na hearnála tógála
  • foilsíodh Tuarascáil ar an Anailís ar Scileanna le haghaidh Foirgníochta agus Iarfheistithe Chónaithe 2023-2030, chomh maith le Plean Gníomhaíochta chun an fórsa saothair atá riachtanacha a mhealladh agus a choinneáil – aithníodh an gá atá le beagnach 51,000 iontrálaí nua chun freastal ar spriocanna tithíochta agus iarfheistithe an rialtais thar an tréimhse go dtí an bhliain 2030
  • rinneadh forbairt ar Phlean Gníomhaíochta do Thithe Folmha le roinnt dreasachtaí ar fáil má tá teach nó foirgneamh folamh á aistriú go teach buan agat
  • €500 Creidmheas Cánach Cíosa do chíos a íocadh sa bhliain 2022 agus cosaint do chíosaithe trí fhoirceannadh tionóntachta ‘gan locht’ a chuir siar ionas nach dtarlóidh siad an geimhreadh seo
  • Méadú ó €5,000 go €10,000 curtha ar Chostais Réamh-ligean do thiarnaí, tá an t-achar ama nach mór don réadmhaoin a bheith folamh chun a bheith incháilithe laghdaithe ó 12 mí go 6 mhí.
  • foilsiú dréacht-Léarscáileanna Cáin Talún Criosaithe Cónaithe mar chuid de chur i bhfeidhm Cáin Talún Criosaithe Cónaithe (RZLT)

Chomh maith leis sin, tá athchóiriú suntasach ar siúl, lena n-áirítear, trí Bhille nua Pleanála agus Forbartha 2023 a fhoilsiú agus cead an Rialtais do Scéim Ghinearálta an Bhille um Chomhroinnt Luachanna Talún agus Criosanna Forbartha Uirbeacha.

Cé go raibh an dul chun cinn láidir ann, tháinig dúshláin chun cinn freisin sa bhliain 2022 nach bhfacthas riamh cheana a chiallaigh boilsciú ard agus rátaí úis a bheith ag ardú. Tá tionchar diúltach ag na saincheisteanna seo ar inmharthanacht airgeadais ó thaobh tithe a fhorbairt agus tá an Rialtas dírithe ar réiteach a fháil air sin trí scéimeanna ar nós na Scéime Tionscadail Tosaigh agus Croí Cónaithe (Cathracha).

Seoladh gairm tograí nua faoin Tionscadal Tosaigh i Ráithe 4 agus tá meastóireacht ar na freagraí beagnach críochnaithe a bheidh le cur in ord tosaíochta de réir figiúirí na bliana 2023 agus 2024.

Tá an Ghníomhaireacht Tithíochta ag tabhairt measúnú na dtograí chun críche anois leis an acmhainneacht 2,100 árasán a thógáil faoin Scéim Croí Cónaithe (Cathracha), tar éis don Choimisiún Eorpach iarratas na hÉireann ar chabhair Stáit don scéim a cheadú. Eiseofar litreacha ceadaithe ón gcéad ghairm ar na hiarratasóirí rathúla anois.

Ag trácht dó ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt an Taoiseach, Leo Varadkar:

“Tá an Rialtas tiomanta go hiomlán don treocht úinéireacht tí atá ag titim agus an easpa dídine atá ag dul i méid a iompú droim ar ais. Táimid meáite úinéireacht tí a thabhairt chun fíre dár muintir arís.

“Is trí sholáthar tithe den uile chineál is féidir an méid sin a bhaint amach. Tá dul chun cinn maith déanta againn sa chéad bhliain iomlán don Phlean Tithíochta do Chách agus leanfaimid orainn ag obair leis na páirtithe leasmhara chun borradh a chur faoi agus feabhas a chur ar an bplean de réir mar atá an plean á chur i bhfeidhm againn. Is plean cuimsitheach atá i gceist agus trí oibriú leis an Aire, Darragh O'Brien, déanfaidh mé mo mhíle dícheall le treallús a chur faoin bplean.

“Teastaíonn bealaí nua agus nuálacha uainn ó thaobh tithe a sholáthar; ní thógfar rogha ar bith den bhord gan machnamh cuí a dhéanamh orthu.

“Ní mór dúinn leas a bhaint as an díograis, gníomh agus as an bpráinn chéanna a bhí in úsáid againn le linn na paindéime chun an ghéarchéim shóisialta seo a réiteach.”

Dúirt an Tánaiste, Micheál Martin:

“Tá easpa dídine ar cheann de na dúshláin is mór atá i ndán do shochaí an lae inniu agus ina údar imní tromchúiseach don Rialtas. Trí ghníomhartha a cuireadh i bhfeidhm i Ráithe 4 ar nós cosc go gearrthéarmach ar dhíshealbhaithe gan locht, agus na gníomhartha a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas bunúsach tithíochta sa tír, go háirithe, tithíocht inacmhainne agus tithíocht shóisialta, cuirfimid athrú ar chúrsaí agus cuirfimid tithe ar fáil dóibh siúd inár sochaí is mó gá."

Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair, Eamon Ryan:

“Tá an acmhainneacht ag glacadh le Modhanna Nua-Aimseartha Tógála, feabhas suntasach a chur ar tháirgiúlacht, ar nuálaíocht, ar inbhuanaitheacht agus ar chostais in earnáil na tógála. I mí na Nollag, sheol an Rialtas, Nuálaíocht Tógála, Ionad Teicneolaíochta Tógála na hÉireann, chun dlús a chur faoi thaighde agus faoi nuáil in earnáil na tógála. Cheana féin, tá sraith tionscadail taighde ar siúl. Tá an tIonad ar cheann de roinnt tionscnaimh a thabharfaidh tuilleadh tacaíochta d’úsáid agus d’fhorbairt Modhanna Nua-Aimseartha Tógála chun Tithíocht a sholáthar.”

Chuir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien leis an méid sin:

“Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn ó thaobh dul i ngleic le tithe folmha agus le tréigean. Sheol mé an Plean Gníomhaíochta um Thithe Folmha an tseachtain seo ina dtugtar mionsonraí ar na bearta atá ar na bacáin a chuirfidh níos mó den réadmhaoin fholamh in úsáid arís. Cuideoidh an ghairm tograí nua €150 milliún URDF leis na húdaráis áitiúla chun foirgnimh agus suíomhanna atá folamh agus tréigthe a athrú ó bhonn ar mhaithe le hathbheochan agus athghiniúint a dhéanamh ar chathracha agus ar bhailte móra agus níos mó thithíochta a sholáthar."


Nótaí

Tithíocht do Chách

Is ionann ‘Tithíocht do Chách’ agus plean tithíochta an rialtais d’Éirinn suas go dtí an bhliain 2030. Is féidir an plean a léamh ag www.gov.ie/housingforall. Tá sé mar chuspóir foriomlán leis an bplean: ‘Gur cheart go mbeadh fáil ag gach duine in Éirinn ar theach a bhfuil caighdeán maith uirthi, atá ar díol nó ar cíos ar phraghas réasúnta, atá tógtha ar chaighdeán ard, agus atá suite san áit cheart, a chuireann caighdeán beatha ard ar fáil.’

Housing for All – Q4 2022 Progress Report and Quarterly Statistics Report.