English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann Éire aitheantas do Stát na Palaistíne

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 28 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ag cruinniú rialtais inniú (28ú Bealtaine), thug Éire aitheantas go foirmiúil do Stát na Palaistíne.

Tugann an rialtas aitheantas don Phalaistín mar stát ceannasach agus neamhspleách agus d’aontaigh an rialtas caidreamh taidhleoireachta a bhunú idir Áth Cliath agus Ramallah.

Ceapfar ambasadóir na hÉireann chun Stát na Palaistíne agus bunófar lán-ambasáid na hÉireann i Ramallah.

Tuigeann an rialtas an comhthéacs tragóideach a bhaineann leis an bhfógra seo inniú agus d’éiligh an rialtas arís go gcuirfeadh sos cogaidh láithreach i bhfeidhm i nGaza, go scaoilfí saor na gialla iosrealacha agus go mbeadh rochtain neamhshrianta ann ar chabhair dhaonnúil.

Aithníonn Éire Stát na Palaistíne ar mhaithe leis an tsíocháin mar chuid d’fhógra comhordaithe lenár gcairde agus gcomhghleacaithe sa Spáinn agus san Iorua.

Dúirt an Taoiseach, Simon Harris:

"Baineann cinneadh na hÉireann leis an dóchas a choinneáil beo. Baineann an cinneadh seo leis an gcreideamh gurb é an réiteach dhá-stát an t-aon bhealach atá ann ionas gur féidir leis an Iosrael agus an Phalaistín maireachtáil in aice le chéile faoi shíocháin agus ar shlí atá sábháilte.

Bhíomar ag iarraidh aitheantas a thabhairt don Phalaistín ag deireadh phróiseas síochána, ach rinneamar an cinneadh seo in éineacht leis an Spáinn agus an Iorua chun míorúilt na síochána a choinneáil beo. Iarraim arís ar phríomh-aire Iosrael, Netanyahu, éisteacht leis an domhan mór agus deireadh a chur leis an tubaiste dhaonnúil atá á bhfeiceáil againn faoi láthair i nGaza.

Duirt an Tánaiste, Micheál Martin:

“Léiríonn an cinneadh a bhfuil déanta ag an rialtas inniú an creideamh láidir atá againn gurb é an bóthar polaitiúil an t-aon slí atá ann chun deireadh a chur le ciogal an díshealbhaithe, an smachtaithe, an dídhaonnaithe, na sceimhlitheoireachta agus an bháis a bhfuil tar éis dul i bhfeidhm ar mhuintir Iosrael agus na Palaistíne leis na blianta anuas.

Ní raibh na deiseanna chun síocháin bhuan a bhaint amach níos mó i mbaol riamh arís ná mar atá siad faoi láthair, agus dá bhrí sin, tá sé rí-thábhachtach go ndéanaimid rud éigin anois in éineacht lenár gcomhpháirtithe a bhfuil an dearcadh céanna acu chun iarmharthanacht réiteach dhá stát a chosaint agus na comhchearta atá ag muintir Iosrael agus na Palaistíne chun féinchinntiúcháin, síocháin, sábháilteacht agus dínit a bheith acu.”

Dúirt an tAire, Eamon Ryan:

"Níl an méid atá ag iarraidh ag muintir na Palaistíne scannalach nó thar fóir. A mhalairt ar fad, tá sé réasúnta. Níl siad ag iarraidh ach a bheith aitheanta mar stát cosúil le aon cheann eile, smacht a bheith acu ar a ngnóthaí féin agus a bheith ábalta labhairt ar a son féin go hidirnáisiúnta. Aithníonn Éire an mhian sin inniú.

Deirimid arís go n-aithníonn Éire go soiléir an ceart maireachtála atá ag Iosrael. Táimid ag súil go gcabhróidh bunú stáit na Palaistíne leis an gceart maireachtála seo a threisiú toisc go ligfidh sé d’Iosrael fás faoi shíocháin lena chomharsana”.

DEIREADH