English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Róil

An Taoiseach

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 23 Iúil 2018
  • An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2025

Déantar tagairt in Airteagal 28 de Bhunreacht na hÉireann do ról an Taoisigh agus leagtar amach freagrachtaí an Taoisigh mar cheann an Rialtais. Déantar tagairt in Airteagal 28.12 d'Airí mar “i mbun” Ranna Stáit agus déantar foráil in Airteagal 28.4.2 gur go léir le chéile a bheidh an Rialtas freagrach as na Ranna Stáit a “riartar” ag comhaltaí an Rialtais.

Tá Roinn an Taoisigh faoi cheannas an Taoisigh agus, chuige sin, tá freagrachtaí an Taoisigh agus é i gceannas ar Roinn an Taoisigh cosúil leis na freagrachtaí a bhíonn ar Aire mar a dhéantar foráil san Acht Airí agus Rúnaithe 1924 mar a leasaítear ag an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997.

Déanann an Taoiseach Ranna áirithe a shannadh ar na hAirí ar iad a bheith ceaptha ag an Uachtarán. Déanann an Taoiseach an tArd Aighne a ainmniú lena cheapadh ag an Uachtarán. Tá de chumhacht ag an Taoiseach freisin a mholadh don Uachtarán glacadh le héirí as oifig Airí. Déanann an Taoiseach aon dhuine dhéag a ainmniú le fónamh i Seanad Éireann. Tá an Taoiseach, ex officio, ina chomhalta den Chomhairle Stáit.

Tá an Rialtas freagrach do Dháil Éireann. Fógraíonn an Taoiseach Riar na hOibre nuair a théann an Dáil i mbun suí Dé Máirt agus Dé Céadaoin. Tá saoráid Ceisteanna agus Freagraí (Ceisteanna ó Cheannairí) sa chuid seo d'obair na Dála agus is lena linn a fhreagraíonn an Taoiseach ceisteanna faoi raon leathan ábhar, ceisteanna is féidir a chur gan fógra a thabhairt roimh ré.

Freagraíonn an Taoiseach Ceisteanna Parlaiminte foirmiúla sa Dáil gach seachtain ar nithe a bhaineann le riar Roinn an Taoisigh nó ar shaincheisteanna beartais a eascraíonn as na freagrachtaí a fheidhmíonn an Roinn ag tacú le ról an Taoisigh mar Cheann an Rialtais. Féadfaidh an Taoiseach reachtaíocht a thionscnamh sa chás go léiríonn an reachtaíocht sin forbairt nua thábhachtach. Glacann an Taoiseach páirt i ndíospóireachtaí i dTithe an Oireachtais freisin, maidir le nithe a bhfuil sé freagrach astu, de ghnáth.

Is é an Taoiseach, mar Cheann an Rialtais, príomh-chomhordaitheoir obair na nAirí agus a Ranna Stáit. Cuireann an Taoiseach comhairle ar na comhaltaí Rialtais eile agus tugann treoir dóibh nuair a bhíonn saincheisteanna rompu a éilíonn go n-oibreoidh an Rialtas le chéile mar chomh-údarás atá freagrach do Dháil Éireann. Leagann an Taoiseach beartas leathan an Rialtais amach agus coinníonn sé an tUachtarán ar an eolas faoi bheartas náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Féadfaidh an Taoiseach a chinneadh go bhfuil nithe faoi leith chomh tábhachtach sin gur cuí go dtiocfadh siad faoi choimirce Roinn an Taoisigh.

Holders