Tugann an tAonad um Beartas Eacnamaíoch comhairle don Taoiseach maidir le beartas a bhfuil sé mar aidhm leis geilleagar inbhuanaithe agus láidir a chur chun cinn ina leagtar béim ar leith ar shaincheisteanna maidir le poist, iomaíochas, an margadh fostaíochta, fiontraíocht agus scileanna. Coimeádann an tAonad forléargas ar shaincheisteanna tábhachtacha earnála nó beartais a imríonn tionchair níos leithne ar an eacnamaíocht, cúrsaí tithíochta agus pinsin san áireamh. Tacaíonn an tAonad le Coiste Comh-Aireachta A, a dhéileálann leis an eacnamaíocht agus leis na Grúpaí Oifigeach Sinsearach idir-rannach. Déanann sé monatóireacht agus tuairisciú ar chur i bhfeidhm Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Poist, atá ina chur chuige ilbhliantúil, trasrialtais chun tacú le fostaíocht a chruthú. Chomh maith leis sin, déanann an tAonad Clár Athchóirithe Náisiúnta na hÉireann a chomhordú, a dhéantar agus a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar bhonn bliantúil. Chomh maith leis sin, téann an Rannóg i mbun plé thar ceann na Roinne leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) – an comhlacht náisiúnta neamhspleách ar a bhfuil freagracht maidir le staitisticí oifigiúla a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú.
Tacaíonn an tAonad um Bonneagar Geilleagrach, Rialáil agus Athrú Aeráide le hobair an Taoisigh agus an Rialtais d’fhonn eacnamaíocht inbhuanaithe a chothú trí fhorbairt inbhuanaithe, ina leagtar béim ar leith ar phríomhthosaíochtaí bonneagair a fhorbairt, rialáil eacnamaíoch, forbairt réigiúnach agus tuaithe, gníomhú i leith an athraithe aeráide, mar aon leis an bpróiseas náisiúnta um measúnú riosca, a chur chun cinn agus eolas a dhéanamh dóibh. Tá ról lárnach ag an Aonad maidir le beartais ábhartha an Rialtais a leagan amach agus a chur i bhfeidhm, obair na struchtúr uile-Rialtais a bhainistiú agus tacú leo – lena n-áirítear Coiste Comh-Aireachta D agus Coiste Comh-Aireachta G agus na Gasraí Oifigeach Sinsearach lena mbaineann – d’fhonn soláthar éifeachtach agus tráthúil a chinntiú.
Tacaíonn an tAonad um Shaincheisteanna Digiteacha leis an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht maidir le Cosaint Sonraí agus cuidíonn sé le cur chuige uile-Rialtais i ndáil le saincheisteanna agus dúshláin a thagann chun cinn mar thoradh ar dhigitiú níos mó a bheith i gceist i saol an lae inniu agus méadú suntasach a bheith tagtha dá réir ar an méid sonraí pearsanta a ghintear. Tacaíonn an tAonad le hobair Choiste Comh-Aireachta A maidir leis an eacnamaíocht dhigiteach.