Tá an fheidhm Trédhearcachta freagrach as an bhfaisnéis go léir a theastaíonn ón Aire a fhoinsiú, a mheasúnú agus a chur in iúl. Tá freagracht uirthi freisin as caighdeáin chomhsheasmhacha a chinntiú sa chumarsáid inmheánach agus sa chumarsáid sheachtrach.
Comhtháthaíonn an fheidhm faisnéis, anailís agus cumarsáidí ó réimsí ar fud na Roinne chun insintí comhtháite a chruthú faoi théamaí Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Cinneann sí go réamhghníomhach cá háit a bhfuil gá ann le faisnéis a chur in iúl nó a fhoilsiú, agus tugann sí freagra ar bhealach sofhreagrúil ar iarrataí a thagann isteach. Baineann an fheidhm úsáid as cainéil éagsúla, agus leas á bhaint aici as an teicneolaíocht agus as faisnéis fíor-ama, chun a chinntiú go seasann an tAire lena ngealltanas i dtaca le cuntasacht dhaonlathach do shaoránaigh, don Oireachtas, do na meáin agus do gheallsealbhóirí eile.