Tá na freagrachtaí seo a leanas ar Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta:
• bainistiú a dhéanamh ar ghnó na roinne go ginearálta
• beartais rialtais a chur i bhfeidhm atá oiriúnach don roinn
• monatóireacht a dhéanamh ar bheartais rialtais a mbíonn tionchar acu ar an roinn
• torthaí a sheachadadh de réir mar a chinnfidh an tAire
• comhairle beartais a chur ar fáil don Aire maidir le gach ábhar a thagann faoi shainchúram na Roinne
• ráitis Straitéise a ullmhú lena gcur faoi bhráid an Aire
• tuarascálacha ar dhul chun cinn a sholáthar don Aire maidir le cur i bhfeidhm an Ráitis Straitéise
• úsáid chuí acmhainní agus soláthar seirbhísí poiblí cost-éifeachtúla a áirithiú
• achoimre a ullmhú ar an gcaoi a bhfuil freagrachtaí sonracha le sannadh d’oifigigh eile tríd an Roinn
• bainistiú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le ceapacháin, feidhmíocht, araíonacht agus dífhostú státseirbhísigh atá faoi bhun ghrád an Phríomhoide nó a choibhéis