Freagrach as an soláthar seirbhísí dlí a dhéanann grúpa dlíodóirí (Abhcóidí Comhairleacha) a chomhordú agus a bhainistiú (i) mar fhreagairt ar iarrataí ar chomhairle (ii) sa phróiseas dréachtaithe reachtaíochta agus (iii) i gcomhthéacs na dlíthíochta.
Agus na seirbhísí seo á gcomhordú agus á mbainistiú, é sin a dhéanamh ar mhaithe le luach ar airgead, agus scrúdú agus forbairt a dhéanamh ar bhealaí le soláthar na seirbhísí sin ag an Oifig a fheabhsú ar shlí éifeachtúil ó thaobh costas de.
Agus na seirbhísí seo á soláthar, ar na réimsí dlí a mbíonn an Grúpa ag plé leo tá nithe Cirt agus Coireachta, lena n-áirítear Príosúin, Eiseachadadh agus Cúnamh Frithpháirteach in Ábhair Choiriúla.
Feidhmeanna bainistíochta a chomhlíonadh mar bhall de Choiste Bainistíochta na hOifige.
Déantar Abhcóidí Comhairleacha (ar ghráid arb ionann iad agus Príomhoifigeach Cúnta agus Príomhoifigeach) a shannadh don Ghrúpa.