Tá an fheidhm Gnóthaí Eorpacha freagrach as comhordú agus monatóireacht a dhéanamh ar ghnó Eorpach na Roinne agus ar roinnt de ghnó idirnáisiúnta na Roinne, go háirithe i gcás saincheisteanna tras-earnálacha a bhféadfaidh go mbeadh baint ag roinnt feidhmeanna agus Ranna leo.
Ina theannta sin, oibríonn an fheidhm i gcomhar le réimsí eile Rialtais chun cur chuige straitéiseach na hÉireann a mhúnlú i leith Chlár Oibre Thodhchaí na hEorpa agus Cheannairí an Aontais Eorpaigh, agus bíonn ról gníomhach aici i gcaidreamh agus comhoibriú níos mó le macasamhla Eorpacha a spreagadh maidir le saincheisteanna iomchuí Ceartais.
Cé go bhfuil an fhoireann lonnaithe i mBaile Átha Cliath, oibríonn na baill foirne i ndlúthchomhar le baill foirne sa Bhruiséil agus in Strasbourg atá tugtha ar iasacht do Bhuanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach. Tacaíonn an fheidhm leis an Aire agus leis an Roinn, freisin, chun freagrachtaí na Roinne a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus Comhairle na hEorpa a chomhlíonadh agus chun leasanna na hÉireann a chur in iúl, agus feidhmiú ar a son, go hidirnáisiúnta.