An Rúnaí Cúnta don Rannán AE agus Idirnáisiúnta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Coimeádann an tAonad um Bheartas agus Institiúidí an Aontais Eorpaigh léargas ar threochtaí agus forbairt beartais ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus oibríonn sé chun comhleanúnachas uile-Rialtais a chinntiú maidir le beartais leathana an AE. Cuirtear maoirseacht agus fócas straitéiseach ar fáil leis an Aonad ar shaincheisteanna lena n-áirítear buiséad agus pacáiste téarnaimh an Aontais, cúrsaí limistéir euro, an margadh inmheánach agus an aeráid. Cuireann lucht an Aonaid tacaíocht ar fáil don Taoiseach freisin i dtaca le rannpháirtíocht dhéthaobhach le Cinn Stáit agus Rialtais an AE agus rannpháirtíocht le hinstitiúidí an AE.
Tacaíonn Aonad na hEorpa leis an Taoiseach mar bhall de Chomhairle na hEorpa agus cuirtear maoirseacht agus treoir straitéiseach ar fáil ar shaincheisteanna beartais amhail trádáil idirnáisiúnta; slándáil agus cosaint; agus caidrimh sheachtracha, lena n-áirítear caidrimh AE-RA. Oibríonn sé chun rannpháirtíocht straitéiseach na hÉireann leis an bpobal Eorpach níos leithne a fhorbairt chomh maith, agus tacaíonn sé le hobair an Choiste Comh-Aireachta ar an Eoraip.
Cuireann an tAonad Idirnáisiúnta comhairle ar an Taoiseach maidir le beartais idirnáisiúnta agus tacaíonn sé leis ina chuid coinní idirnáisiúnta mar Cheann an Rialtais, oibríonn sé leis chun tacú le fás eacnamaíoch, trádáil, infheistíocht agus slándáil agus síocháin idirnáisiúnta, mar aon le caidrimh straitéise déthaobhaigh agus iltaobhaigh, luachanna, leasanna agus cáil na hÉireann thar lear a chosaint agus a neartú.