Déanann an colún Corparáideach gníomhaíochtaí ar fud na heagraíochta a chur chun cinn agus a bhainistiú chun a chur ar chumas na Roinne a spriocanna straitéiseacha a bhaint amach agus próisis agus seirbhísí Roinne atá éifeachtach freagrúil a sholáthar. Déanann an colún Corparáideach an cur chuige, na réitigh agus an bonneagar a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar fud roinnt réimsí ilchineálacha: an teicneolaíocht; an phleanáil airgeadais agus daoine; an soláthar; cúrsaí dlí; an rialachas corparáideach; an comhlíonadh agus rialuithe iniúchóireachta.