Tugann an Leas-Ardstiúrthóir cúnamh don Ard-Stiúrthóir le bainistiú éifeachtach éifeachtúil a dhéanamh ar an Oifig, lena n-áirítear pleanáil agus treoir straitéiseach, agus nithe ilearnálacha a bhaineann leis an Oifig a shocrú.
Tugann sí tacaíocht agus comhairle don Ard-Stiúrthóir maidir lena oibleagáidí reachtúla, rialachais agus muiníne a chomhlíonadh i ngach ní, go háirithe i nithe a bhaineann le bainistíocht riosca, soláthar seirbhísí agus bainistiú acmhainní, i gcomhar leis an gCeannasaí Riaracháin.
Tugann sí cúnamh don Ard-Stiúrthóir agus déanann sí ionadaíocht dó lena chuid dualgas a chomhlíonadh, agus tugann sí faoi dhualgais agus tionscadail á sonrú ag an Ard-Stiúrthóir. Tá ról faoi leith ag an Leas-Ardstiúrthóir seirbhísí dlí na hOifige a phleanáil, a mheas agus a fhorbairt, lena n-áirítear anailís a dhéanamh ar sheirbhísí reatha, ar na héilimh ar sheirbhísí agus ar threochtaí d’fhonn cuspóirí agus pleananna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt don eagraíocht.