An Rúnaí Cúnta um Beartas Sóisialach, Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí agus Seirbhís Faisnéise an Rialtais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tacaíonn an Rannán um Beartas Sóisialach agus Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí leis an Taoiseach i ndáil le beartas sóisialach agus athchóiriú na seirbhíse poiblí agus i ndáil le ceisteanna ábhartha eile, lena n-áirítear obair Choiste Comh-Aireachta B (beartas sóisialach agus athchóiriú na seirbhíse poiblí) agus obair Choiste Comh-Aireachta E (cúrsaí sláinte); tacaíonn sé le Clár Athnuachana na Státseirbhíse, lena n-áirítear Bord Bainistíochta na Státseirbhíse agus Bord Cuntasachta na Státseirbhíse; agus is ag an Rannán atá ról maoirseachta na Roinne maidir leis an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach.
Cuimsíonn an Rannán Oifig Chlár an Rialtais ina ndéantar monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn.
Tá freagracht ar Sheirbhís Faisnéise an Rialtais (GIS) as dea-chleachtas a chuíchóiriú, a shimpliú agus a chur i bhfeidhm maidir le cumarsáid an Rialtais. Tríd an tSeirbhís, tacaítear le cumarsáid shoiléir atá dírithe ar shaoránaigh lena chinntiú gur cumarsáid shoiléir atá i gceist nuair atá Rialtas na hÉireann i mbun cumarsáide nó i mbun seirbhís a chur ar fáil – ar tríthi sin a bheidh cumarsáid i gceist atá níos comhordaithe agus níos éifeachtaí ó thaobh costais de d’fhonn éifeachtúlacht agus luach níos fearr ar airgead a chruthú.