Tá an Leas-Rúnaí cuntasach i straitéisí, beartais agus aschuir ardleibhéil a sholáthar do cholún an Cheartais Shibhialta.
Rannchuidíonn an Leas-Rúnaí le forbairt agus cur i bhfeidhm beartas agus clár sna réimsí seo a leanas, agus le hathbhreithniú criticiúil a dhéanamh ar na beartais agus na cláir sin: athchóiriú an dlí shibhialta agus an lánpháirtíocht, an inimirce, tearmann agus an tsaoránacht, córas na gcúirteanna, cúnamh dlíthiúil agus rochtain ar an gceartas. Chomh maith leis sin, formhaoirsíonn an Leas-Rúnaí bainistiú chaidreamh na Roinne le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí éagsúla atá faoi choimirce na Roinne, lena n-áirítear an tSeirbhís Chúirteanna.