Príomhghné i gceannaireacht straitéiseach na Roinne is ea post an Leas-Rúnaí, le béim ar leith ar chomhlíonadh ról na Roinne i gcroílár an chórais ceartais choiriúil. Is faoi stiúir an Ard-Rúnaí atá an clár cuimsitheach athruithe atá faoi lánseol anois, ach tá rannpháirtíocht onnghníomhach ón Leas-Rúnaí, mar chrann taca athruithe agus spreagthóir éitis nua bainistíochta, ag teastáil ón gclár sin, freisin.
Rannchuidíonn an Leas-Rúnaí le forbairt agus cur i bhfeidhm beartas agus clár i réimse na coireachta agus i réimse an chórais ceartais choiriúil – lena n-áirítear an phóilíneacht agus bainistiú ciontóirí – agus le hathbhreithniú criticiúil a dhéanamh orthu. Bíonn gné thras-eagraíochta i gceist leis sin go minic, nó cur chuige uile-Rialtais i dtaca le réiteach fadhbanna.