Is é ról Phríomh-Aoire an Rialtais an sceideal gnó a bheidh le déanamh i nDáil Éireann a shocrú agus Clár Reachtaíochta an rialtais a bhainistiú tríd an Teach.
Rianaíonn Príomh-Aoire an Rialtais dul chun cinn na reachtaíochta trí idirchaidreamh a dhéanamh le ranna agus le hOifig an Ard-Aighne.
Bíonn Príomh-Aoire an Rialtais ina cathaoirleach ar an gCoiste Reachtaíochta agus cuireann sé an Clár Reachtaíochta ar fáil ag tús gach seisiún Dála.
Tugann Príomh-Aoire an Rialtais tacaíocht don Taoiseach maidir le gnó na Dála agus cinntíonn sé go bhfreastalaíonn gach Teachtaí Rialtais agus Airí ar vótaí sa Teach.