Tá an Roinn ag brath go mórmhór ar Theicneolaíocht Faisnéise agus Chumarsáide (TFC) chun breis agus 2.5 milliún iarratas ar sheirbhísí do chustaiméirí a phróiseáil in aghaidh na bliana agus chun thart ar 87 milliún íocaíocht a eisiúint gach bliain chuig 2.2 milliún custaiméir agus a dteaghlaigh. Tá freagracht ag an bPríomhoifigeach Faisnéise (CIO)/ Ard-Rúnaí Cúnta as seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide atá slán, íontaofa agus ardchaighdeáin a sholáthar agus as nuálaíocht, inoiriúnaitheacht agus dul chun cinn nua sa teicneolaíocht.
Déanann an obair seo deiseanna do sholáthar seirbhíse digiteach do chustaiméirí agus do ghnólachtaí a bharrfheabhsú trí na hardáin MyGovID, MyWelfare agus ardáin ComhpháirtitheLeasa agus baintear amach éifeachtúlachtaí agus éifeachtacht níos fearr i seachadadh na scéimeanna agus na seirbhísí seo dár bhfoireann agus dár gcustaiméirí.
Áirítear leis seo freagracht as: