Iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Sirtheoireachta
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann Ceadúnas Sirtheoireachta (CS) cead don sealbhóir (an Ceadúnaí) sirtheoireacht a dhéanamh ar mhianraí sonraithe i limistéar tíreolaíoch sainithe ar a dtugtar limistéar ceadúnais sirtheoireachta (LCS). Sainmhínítear sirtheoireacht (taiscéalaíocht mianraí) in Éirinn faoi na hAchtanna Forbartha Mianraí 1940 - 1999 agus is í an roinn seo a rialaíonn é. Achtaíodh an tAcht Forbartha Mianraí 2017 an 26 Iúil 2017 agus tá sé le teacht i bhfeidhm go luath.
Bíonn Ceadúnas Sirtheoireachta bailí ar feadh sé bliana de ghnáth agus tugann sé teideal don Cheadúnaí gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh le linn mianraí (sonraithe) a bheith á lorg. Is féidir athnuachan a dhéanamh ar Cheadúnais Sirtheoireachta, faoi réir shástacht an Aire.
Ní mór d’iarratasóirí ar Cheadúnas Sirtheoireachta an Fhoirm Iarratais ar Cheadúnas Sirtheoireachta a chomhlánú, an táille iarratais a íoc, agus na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
Ní mór gach iarratas ar cheadúnas sirtheoireachta a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm thuas agus a chur isteach in éineacht le táille €190 in aghaidh an Limistéir Cheadúnais Sirtheoireachta.
I ndiaidh mheasúnú an iarratais, i gcás ina meastar go bhfuil sé inghlactha, déanfar tairiscint don chuideachta ina leagfar amach téarmaí an cheadúnais sirtheoireachta agus an limistéar a bheidh ceadúnaithe. Ar ghlacadh na tairiscinte, déanfar rún an Aire ceadúnas sirtheoireachta a dheonú a fhógairt ar gov.ie, i nuachtán áitiúil, in oifigí an chomhairle contae áitiúil agus i stáisiún áitiúil an Gharda Síochána. Déantar Ceadúnais Sirtheoireachta a bhfuil sé de rún ag an Aire iad a athnuachan a fhógairt ar an gcaoi chéanna.
Ba cheart do shealbhóirí ceadúnais meas a léiriú ar mhianta na n-úinéirí talún maidir le rochtain agus tá dualgas orthu cloí le coinníollacha na gceadúnas sirtheoireachta agus leis na Treoirlínte maidir le Taiscéalaíocht Mianraí ina leagtar amach go mionsonraithe na nósanna imeachta oibríochta atá ag teastáil chun díobháil nó truailliú a sheachaint. Ina theannta sin tá sé de cheangal ar cheadúnaithe tuairisciú a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí gach re bliain.
In 2017, d’iarr an roinn seo sainthreoir chun measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí comhshaoil a bhaineann le modheolaíochtaí áirithe taiscéalaíochta. Sna tuarascálacha a d’eascair as sin leagtar amach éifeachtaí na modheolaíochtaí sin ar ghnáthóga agus ar speicis éagsúla a liostaítear faoi Threoracha an AE um Ghnáthóga agus um Éin. Cuireann na tuarascálacha sin treoir agus moltaí ar fáil chomh maith maidir le scagadh tionchair comhshaoil, bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil.