Is éard atá i saoire atharthachta ná tréimhse shingil 2 sheachtain íoctha as a chéile a cheadaítear don tuismitheoir ábhartha chun cúram an linbh a sholáthar, nó cabhrú le cúram an linbh nó chun tacaíocht a sholáthar don mháthair nó do thuismitheoir uchtála an linbh de réir mar is cuí, nó an dá rud. Is féidir tús a chur le Saoire Atharthachta ag am ar bith ó dháta breithe nó ó dháta socrúcháin an linbh go dtí 26 seachtaine ina dhiaidh sin, ach i gcás go gcuirtear an tsaoire siar má bhíonn an leanbh san ospidéal.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Scéim Saoire Atharachta atá in Ciorclán 0054/2019 dar teideal 'Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna Aitheanta'.
De bharr athruithe reachtaíochta, tá leasú ar an Scéim Saoire Atharthachta. Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0012/2024
Beidh gach cúntóir riachtanas speisialta i dteideal saoire tréimhse 2 sheachtain as a chéile íoctha ar bhreith/uchtáil linbh, i gcás go mbíonn an dáta breithe/an dáta socrúcháin ar an 1 Meán Fómhair 2016 nó ina dhiaidh.
De bharr athruithe reachtaíochta, tá leasú ar an Scéim Saoire Atharthachta do CRSanna, atá in Ciorclán 0058/2016 . Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Nóta Faisnéise TC/IN 0013/2024 .
Chun tuilleadh eolais a fháil féach Ciorclán 0066/2016 dar teideal Scéim Saoire Atharthachta don Fhoireann Uile Seachas Daoine atá Fostaithe mar Mhúinteoirí agus mar Chúntóirí Riachtanas Speisialta i mBoird Oideachais agus Oiliúna
Chun tuilleadh eolais a fháil féach Ciorclán 0069/2016 dar teideal Scéim Saoire Atharachta d’Fhoireann Incháilithe In Institiúidí Teicneolaíochta .
Ní mór do mhúinteoir ar mian leis/léi leas a bhaint as saoire Atharthachta a bhfostóir a chur ar an eolas i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe. Ní mór an Fhoirm Iarratais ar leathanach 79 de Chiorclán 0054/2019 a chomhlánú chomh luath agus is féidir ach ar a dhéanaí 7 lá tar éis thús na saoire.
Ní mór do gach cúntóir riachtanas speisialta ar mian leis/léi leas a bhaint as saoire Atharthachta a bhfostóir a chur ar an eolas i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe atá beartaithe. Ní mór an fhoirm iarratais in Aguisín A de Chiorclán 0058/2016 a chomhlánú chomh luath agus is féidir ach ar a dhéanaí 7 lá tar éis thús na saoire.