Gearán faoi Núis Torainn a dhéanamh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Am ar bith a mheasann tú go bhfuil torann chomh mór, chomh leanúnach, chomh minic, chomh fada nó chomh hard sin, nó go dtarlaíonn sé ag tráthanna sa chaoi is gur cúis réasúnach crá é – is féidir leat gníomh a thionscnamh chun déileáil leis.
Ar dtús, féadfar go mbeifí in ann míniú a thabhairt don té is cúis leis an torann agus teacht ar chomhthuiscint a bheidh inghlactha ag gach taobh.
Mura réitíonn sé sin an cheist, tá roinnt cuir chuige ar féidir le daoine aonair a ghlacadh chun déileáil le ceist núise torainn. Braithfidh na roghanna ar an gcineál torainn agus ar stádas an ghearánaigh.
Sa bhileog seo um fhaisnéis phoiblí Treoir maidir le Rialacháin Torainn leagtar amach na céimeanna atá ar fáil duit faoin dlí nuair atá tú thíos le núis ar torann is cúis leis. Ceapadh é mar threoir phraiticiúil agus ní míniú dlíthiúil ar an dlí é.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil is féidir comhairle a fháil ón údarás áitiúil i do cheantar nó comhairle dlí a lorg.
Chun gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gCúirt Dúiche, déan teagmháil leis an gCléireach sa Chúirt Dúiche i do cheantar.