Scéim iasachta do mhúinteoirí atá fostaithe i mbunscoileanna agus i scoileanna iarbhunoideachais aitheanta chuig eagraíochtaí seachtracha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Scéim Iasachta deartha chun ceapachán sealadach múinteora a éascú do phost in eagraíocht sheachtrach (an eagraíocht óstach), nuair is soiléir go bhfuil an obair atá le déanamh ag an múinteoir ar iasacht ar mhaithe leis an gcóras oideachais nó chun leasa an phobail.
Ní mór iasacht a bhunú ar chomhaontú idir an múinteoir, an fostóir agus an eagraíocht óstach ábhartha.
Tá socruithe iasachta faoi réir ag cead ón Roinn Oideachais nó ón mBord Oideachais agus Oiliúna (BOO) ábhartha.
Le haghaidh faisnéis bhreise a fháil féach ar Chiorclán 0029/2018 dar teideal ‘Scéim Iasachta do Mhúinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta’.
Mar gheall ar athruithe reachtaíochta, cuirtear fostóirí ar an eolas faoi leasú ar Chiorclán 0029/2018 dar teideal ‘Scéim Iasachta do Mhúinteoirí Cláraithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta’. Féach ar Nóta Faisnéise TC/IN 0003/2023 .
Ní mór do mhúinteoir Cuid 1 den Fhoirm Iarratais a chomhlánú atá le fáil i gCiorclán 0029/2018 . Ní mór don eagraíocht óstach Cuid 2 a chomhlánú agus ní mór don fhostóir Cuid 3 den Fhoirm Iarratais a chomhlánú. Ní mór an Fhoirm Iarratais (Codanna 1, 2 agus 3) a bheidh comhlánaithe ina hiomláine a chur isteach chuig an rannán ábhartha sa Roinn faoin 1ú Bealtaine.