Scéim Tacaíochta d’Fhostaíocht Óige (D’fhostóirí)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is clár socrúcháin taithí oibre é an Scéim Tacaíochta d’Fhostaíocht Óige (YESS) atá dírithe go sonrach ar chuardaitheoirí poist óga idir 18-24 bliain d’aois atá dífhostaithe go fadtéarmach nó daoine atá ag déileáil le bacainní fostaíochta. Beidh sé mar aidhm le YESS deis a thabhairt do chuardaitheoirí poist scileanna bunúsacha oibre agus sóisialta a fhoghlaim i dtimpeallacht thacúil le linn dóibh a bheith ag tabhairt faoi shocrúchán oibre. Soláthróidh an scéim struchtúr tacúil do rannpháirtithe, lena n-áirítear tacaíocht ó chásoifigeach d’óstaigh socrúcháin agus cuardaitheoirí poist.
Cé go mbeidh rannpháirtíocht in YESS deonach i gcás an dá pháirtí i gceist, beidh coinníollacha cáilitheacha agus incháilitheacha áirithe le comhlíonadh ag óstaigh socrúcháin agus ag cuardaitheoirí poist. Tá tuilleadh eolais faoi chritéir cháilitheacha na scéime le fáil sna treoirlínte thíos.
Fógrófar gach socrúchán YESS ar Jobs Ireland Website agus beidh ar chuardaitheoirí poist ar spéis leo an scéim logáil isteach chun breathnú ar fholúntais scéime.
Beidh YESS ar fáil do chuardaitheoirí poist agus do chohóirt incháilithe eile atá
Ní mór go mbeadh ceann de na híocaíochtaí cáilitheacha seo a leanas á bhfáil ag iarrthóirí:
Is clár é YESS atá deartha go sonrach chun deiseanna taithí a fháil i láthair oibre a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist óga le linn dóibh a bheith ag tabhairt faoi shocrúchán oibre. Caithfidh rannpháirtithe YESS 24 uair a chaitheamh i mbun oibre gach seachtain, agus is tréimhse 3 mhí a bheidh i gceist leis na socrúcháin ar dtús, agus beidh rogha ann síneadh a chur leis go dtí 6 mhí.
Oibreoidh cásoifigeach ainmnithe leis an gcuardaitheoir poist agus Óstach i rith thréimhse an tsocrúcháin, chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an dá pháirtí agus chun comhairle/tacaíocht chuí a sholáthar. Áireofar anseo cruinniú foirmiúil athbhreithnithe i ndiaidh 2 mhí, a chabhróidh leis an gcásoifigeach cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar shíneadh a chur leis an tréimhse go dtí 6 mhí.
Chomh maith leis sin, aithneofar torthaí foghlama agus forbartha atá sainithe go soiléir le haghaidh gach socrúchán. Comhaontófar Plean Foghlama agus Forbartha idir gach páirtí ag tús an tsocrúcháin agus déanfaidh an cásoifigeach monatóireacht ar an dul chun cinn. Ainmneoidh óstach an tsocrúcháin duine chun tacú le agus meantóireacht a sholáthar don rannpháirtí i rith an tsocrúcháin.
Beidh YESS oscailte d’eagraíochtaí sna hearnálacha príobháideacha, poiblí agus deonacha.
Beidh ceanglais shoiléire incháilitheachta sonraithe d’Óstaigh ar mian leo a bheith páirteach sa scéim, agus ní mór dóibh comhaontú leis na Téarmaí agus Coinníollacha nuair a fhógraíonn siad socrúchán.
Ní mór gach socrúchán YESS a fhógairt ar Jobs Ireland website, na roinne agus ní mór d’fhostóirí clárú ar an suíomh seo chun é sin a dhéanamh.
Áirítear i measc na gcritéar incháilitheachta d’fhostóir ar mian leis/léi socrúchán YESS a óstáil:
Tá comhchistiú á sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach don Scéim Tacaíochta d’Fhostaíocht Óige do rannpháirtithe faoi 25 bliain. Tá an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra (YEI), Ciste Sóisialta na hEorpa (ESF) agus an Roinn Coimirce Sóisialaí ag comhthacú leis an scéim seo ar bhonn cistiú comhionann.