Iarratas a dhéanamh chun Tabhairt Faoi Ghníomhaíochtaí le hÚdarú Peitriliam
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is féidir le sealbhóirí ceadúnas taiscéalaíochta, ceadúnas sirtheoireachta peitriliam nó léasacha peitriliam iarratas a dhéanamh chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí leis na húdaruithe sin. Áirítear leis na gníomhaíochtaí sin suirbhéanna seismeacha agus druileáil thaiscéalaíoch.
Déantar iarratas ar an mbealach atá leagtha amach sna Rialacha agus Nósanna Imeachta maidir le Taiscéalaíocht agus Oibríochtaí Meastóireachta Peitriliam Amach ón gCósta, Bealtaine 2014.
Ní mór don iarratasóir cóip chrua amháin agus cóip bhog amháin a chur isteach chuig:
Caithfidh an t-iarratasóir fianaise a chur ar fáil chomh maith gur cuireadh scéala chuig gach comhairlí a bhí ag teastáil i gcomhréir leis na Rialacha agus na Nósanna Imeachta. Nuair a fhaightear iarratas, déantar seiceáil bailíochta air lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach cuimsithe san iarratas.
Nuair atá iarratas bailí faighte, cuireann an Rannán Gnóthaí Peitriliam an t-iarratas ar shuíomh gréasáin na roinne le haghaidh comhairliúcháin agus treoraíonn sé an t-iarratas, mar aon le freagraí gaolmhara ar bith ar an gcomhairliúchán, chuig Aonad Comhairleach Comhshaoil na roinne chun críche a chuid measúnuithe a dhéanamh.
Tá an tAonad Comhairleach Comhshaoil sa roinn freagrach as scagadh comhshaoil a dhéanamh mar aon le haon mheasúnú comhshaoil a chinntear a bheith ag teastáil i ndiaidh an scagtha, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2011/92/AE, arna leasú le Treoir 2014/52/AE (Treoir MTC) agus Treoir 92/43/CEE (Treoir um Ghnáthóga) i dtaca le hiarratais a dhéantar chuig an Aire ar chead tabhairt faoi ghníomhaíochtaí faoi cheadúnas taiscéalaíochta nó faoi cheadúnas sirtheoireachta peitriliam, nó iarratais a dhéantar chuig an Aire ar oibriú peitriliam a cheadú faoi léas peitriliam.
Maidir le gníomhaíochtaí faoi cheadúnas taiscéalaíochta nó faoi cheadúnas sirtheoireachta peitriliam, déantar foráil le Rialacháin 3 agus 4 an Aontais Eorpaigh (Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol) (Taiscéalaíocht Pheitriliam) Rialacháin 2013 (I.R. 134 de 2013), arna leasú le Rialacháin 2019 (I.R. 124 de 2019) an Aontais Eorpaigh (Measúnú ar an Tionchar ar an gComhshaol) (Taiscéalaíocht Pheitriliam) (Leasú) do scagadh MTC agus do nósanna imeachta measúnaithe.
Maidir le hiarratais chuig an Aire ó shealbhóirí léis peitriliam a tugadh faoi Alt 13 den Acht um Fhorbairt Pheitriliam agus Mianraí Eile 1960 (Acht 1960) ar ‘oibriú peitriliam’ a cheadú, déantar foráil le hAltanna 13A agus 13B den Acht do scagadh MTC agus do nósanna imeachta measúnaithe.
Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) 2011 – 15, arna leasú (Na Rialacháin um Éin agus Gnáthóga Nádúrtha) éifeacht don Treoir um Ghnáthóga faoi dhlí na hÉireann agus éilíonn siad, inter alia, go ndéanfaidh údarás poiblí scagadh le haghaidh Measúnú Cuí ar phlean nó ar thionscadal ar ina leith a fuarthas iarratas. Tá an tAonad Comhairleach Comhshaoil freagrach as measúnuithe scagtha MC a dhéanamh (mar aon le haon Mheasúnú Cuí ar Chéim 2 a bheidh ag teastáil) i gcomhréir leis na Rialacháin, i dtaca le hiarratais chuig an Aire ar chead tabhairt faoi ghníomhaíochtaí faoi cheadúnas taiscéalaíochta nó faoi cheadúnas sirtheoireachta peitriliam, agus i dtaca le hiarratais a dhéantar chuig an Aire ar oibriú peitriliam a cheadú faoi léas peitriliam.
Nuair a bheidh gach measúnú comhshaoil curtha i gcrích ag an ACC agus i ndiaidh coinníollacha ar bith a bheidh molta ag an ACC a bheith curtha san áireamh, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Rannáin Gnóthaí Peitriliam (RGP) sa roinn seo le haghaidh measúnú teicniúil. Déanfar moladh ansin don Aire maidir lenar cheart toiliú a thabhairt don iarratas, agus is é an tAire a dhéanfaidh an cinneadh ansin faoin iarratas.