Scéim Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh athbhreithniú na Roinne in 2010 ar an Scéim Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas, tháinig athrú ar na rialacha incháilitheachta ar an 1 Meitheamh 2011 chun a chinntiú gur fearr a oibríonn an scéim chun leasa daoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe go mór. Ón 1 Meitheamh 2011 ar aghaidh, tháinig athruithe i bhfeidhm ar na critéir incháilitheachta le haghaidh Ceada Páirceála do Dhuine faoi Mhíchumas agus tá sé leagtha amach sna critéir sin anois go bhfuil ceada páirceála ar fáil do dhaoine, idir thiománaithe agus phaisinéirí, a bhfuil ‘riocht nó míchumas buan orthu a chuireann isteach go suntasach ar a gcumas siúil’.
Feidhmíonn an Scéim Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas in Éirinn faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil), 1997, arna leasú in 2011. Tá ceada páirceála ar fáil do dhaoine incháilithe, bíodh tiománaithe nó paisinéirí iad. Tá cead ag sealbhóirí na gceada seo páirceáil i spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas. Níl cead ag feithicil ar bith eile páirceáil i spás páirceála do dhuine faoi mhíchumas ach amháin feithicil ar a bhfuil cead páirceála do dhuine faoi mhíchumas ar taispeáint. Chomh maith leis sin, ní mór don fheithicil a bheith páirceáilte ar mhaithe le héascaíocht shealbhóir an cheada. Is iad Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann agus Cumann na hÉireann do Thiománaithe faoi Mhíchumas a eisíonn na ceada.
Tá sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh ar fáil ar shuíomh gréasáin na n-eagraíochtaí sin ar www.iwa.ie agus www.ddai.ie . Baineann feidhm náisiúnta leis na ceada.
I gcomhréir leis na moltaí a tháinig as an Athbhreithniú ar an Scéim in 2010, tá leasuithe déanta cheana féin chun spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a leathnú. Tá na toisí nua leagtha amach i gCaibidil 7, leathanach 109, de Threoirleabhar na gComharthaí Tráchta.
Tá leagan amach an cheada (ar a dtugtar an Cárta Páirceála Gorm de ghnáth) i gcomhréir le Moladh AE 98/376/EC a ligeann dá aithint i mballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Chuige sin, áirítear i reachtaíocht na hÉireann ceada páirceála do dhaoine faoi mhíchumas arna n-eisiúint i dtíortha eile, má tá an tsiombail phictiúrtha shainaitheanta de dhuine suite i gcathaoir rothaí le feiceáil air.