Is íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne de é Pinsean na nDall a íoctar le daoine dalla agus daoine lagamhairc a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn.
Is féidir le duine a bhfuil Pinsean na nDall á fháil aige/aici a bheith i mbun fostaíochta nó féinfhostaíochta. Tugtar neamhaird ar an gcéad €165 d’ioncam seachtainiúil ón bhfostaíocht sin (i ndiaidh ÁSPC, ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn a asbhaint) chun críche na tástála acmhainne. Ansin tugtar neamhaird ar 50% dá dtuilleamh seachtainiúil idir €165 agus €375 chun críche na tástála acmhainne. Déantar aon tuilleamh breise, os cionn €375 sa tseachtain, a mheas ina iomláine chun críche na tástála acmhainne.
Is féidir cáin a ghearradh ar Phinsean na nDall mar fhoinse ioncaim.
Chun cáiliú don phinsean, ní mór duit tástáil súl ó mháinlia súl a sholáthar chun do lagú amhairc a fhíorú.
Má dheonaítear Pinsean na nDall duit, is féidir go gcáileoidh tú freisin do Liúntas Leasa na nDall a íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Gheobhaidh tú go huathoibríoch:
Is féidir go gcáileoidh tú freisin do shochair eile mar an Méadú Maireachtála Aonair agus Pacáiste na Sochar don Líon Tí.
Má tá tú dall nó má tá tú faoi thromlagú amhairc roimh duit 18 mbliana d’aois a bhaint amach, is cóir duit d’éileamh a dhéanamh ceithre mhí roimh do 18ú breithlá.
Má tá tú 16-18 de bhlianta d’aois, is féidir go gcáileoidh tú freisin don Sochar Míthreorach.
Ní íoctar Pinsean na nDall tar éis duit 66 bliana d’aois a bhaint amach.
Má éiríonn tú dall nó má thagann tromlagú amhairc ort tar éis duit 18 mbliana d’aois a bhaint amach, is cóir duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Tá sé seo tábhachtach, mar ní féidir íocaíocht a dhéanamh ach ón dáta a bhfuil d’iarratas faighte againn. Má tá gá agat le cúram lánaimseartha, is féidir go gcáileoidh an duine a bheidh ag tabhairt aire duit do Liúntas Cúramóra nó do Shochar Cúramóra.
Má tá tú faoi bhun 66 bliana d’aois agus má chomhlíonann tú na coinníollacha ábhartha, is féidir go gcáileoidh tú freisin do:
Is féidir go bhfaighidh tú Pinsean na nDall le linn duit Sochar Cumais Pháirtigh a fháil. Ní chuirimid d’ioncam ón Sochar Cumais Pháirtigh san áireamh nuair a dhéanaimid an tástáil acmhainne i dtaca le Pinsean na nDall, ach cuirimid do thuilleamh ó aon fhoise eile san áireamh.
Ráta seachtainiúil | ||
Ráta pearsanta | €232.00 | |
Méadú do dhuine fásta cáilithe | €154.00 | |
Méadú do leanbh cáilithe | Faoi bhun 12 bhliain d’aois | Os cionn 12 bhliain d’aois |
Ráta iomlán | €46.00 | €54.00 |
Leathráta | €23.00 | €27.00 |
Tá d’íocaíocht comhdhéanta de ráta pearsanta duit agus suimeanna breise do dhuine fásta cáilithe agus d’aon leanaí cáilithe.
Is é is duine fásta cáilithe ann ná céile nó páirtnéir a bhfuil a ioncam níos lú ná leibhéal áirithe. Faigheann tú méadú ar d’íocaíocht ina leith. Is féidir go bhfaighidh tú freisin suim bhreise i leith do linbh, rud ar a dtugtar méadú do leanbh cáilithe.
Chun an méadú seo a fháil, ní mór:
Chun iarratas ar Phinsean na nDall a dhéanamh, líon an fhoirm iarratais ar bhun an leathanaigh seo. Thairis sin, is féidir leat an fhoirm seo a fháil i do:
Tá leagan braille agus leagan téipe closchaiséid den fhoirm iarratais seo ar fáil ó Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill. Beidh an fhoireann i do Ionad Intreo áitiúil nó oifig chraoibhe leasa shóisialaigh áitiúil sásta cabhrú leat an fhoirm seo a líonadh agus féadfar freagra a thabhairt ar aon cheist a fhéadfaidh a bheith agat.
Cuir d’fhoirm iarratais líonta agus na cáipéisí ábhartha tacaíochta ar ais, le do thoil, chuig: