Is é atá sa Liúntas Cúramóra ná íocaíocht le daoine ar ioncaim ísle atá ag tabhairt aire go lánaimseartha do dhuine a dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha uathu mar gheall ar aois, míchumas nó breoiteacht, (meabhairghalar san áireamh.). Caithfidh cúram agus aire lánaimseartha a bheith ag teastáil ón té atá faoi chúram.
D'fhéadfadh go gcáileofá don Liúntas Cúramóra má shásaíonn tú na riachtanais seo:
Caithfidh an duine dá dtugann tú aire a bheith:
Meastar duine mar dhuine a bhfuil gá acu le cúram agus aird lánaimseartha nuair:
Braitheann ráta na híocaíochta ar thoradh na tástála acmhainne. Taispeántar sa tábla thíos an t-uasráta seachtainiúil pearsanta íocaíochta ar féidir le duine a fháil mura bhfuil aon ioncam acu ó fhoinse ar bith.
Aois cúramóra | Uasráta seachtainiúil (ráta iomlán) | Uasráta seachtainiúil (leathráta) |
Cúramóir faoi 66 | €248 | €124 |
Cúramóir 66 agus níos sine | €286 | €143 |
Méadú do Leanbh Cáilithe | Faoi 12 | Os cionn 12 |
Ráta iomlán | €46 | €54 |
Leath-ráta | €23 | €27 |
Má tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe á bhfáil agat agus má tá cúram agus aire lánaimseartha á soláthar agat do dhuine eile agus tú ag comhlíonadh gach coinníoll eile don Liúntas Cúramóra, féadfaidh tú do phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil agus Liúntas Cúramóra ar leath-ráta a fháil freisin.
Má tá Liúntas Cúramóra á fháil agat agus má chomhlíonann tú na coinníollacha cáilithe le haghaidh íocaíocht leasa shóisialaigh eile (mar shampla, Pinsean Stáit nó Sochar Breoiteachta) féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht eile. Má bhronntar é, agus ar choinníoll gur íocaíocht cháilitheach í an íocaíocht eile don liúntas Cúramóra ar leath-ráta, íocfar an íocaíocht eile go hiomlán leat agus gheobhaidh tú leath do ráta an Liúntais Chúramóra freisin.
Chun iarratas a dhéanamh, líon isteach an fhoirm iarratais thíos. Cuir tuairisc leighis dochtúra leis an bhfoirm iarratais agus í sínithe freisin ag an duine a mbeidh tú ag tabhairt aire dóibh.
Ní gá tuairisc leighis a chur leis an bhfoirm iarratais má tá tú ag tabhairt aire do leanbh a fhaigheann Liúntas Cúraim Baile.
Seol ar ais d’fhoirm iarratais CR1 chomhlánaithe, mar aon leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, chuig:
Foirm Iarratais: Liúntas Cúramóra (CR1)
Eagrán: Márta 2023
Cuireann reachtaíocht leasa shóisialaigh dualgas ar an gcúramóir fógra a thabhairt don Roinn faoi aon athrú ar chúinsí. Chun an Roinn a chur ar an eolas faoi aon athrú ar chúinsí, nó chun d’éileamh a dhúnadh, is féidir teagmháil a dhéanamh le Rannóg an Liúntais Chúramóra tríd an bpost, ríomhphost nó teileafón ag baint úsáide as na sonraí thíos.
Is féidir roinnt sonraí a nuashonrú freisin trí úsáid a bhaint as MyWelfare . Is é MyWelfare baile ar líne na seirbhísí leasa. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an raon seirbhísí atá ar fáil trí MyWelfare, tabhair cuairt le do thoil ar MyWelfare.ie
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochta ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.