Deontas Tacaíochta do Chúramóirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is íocaíocht bhliantúil é an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí le haghaidh cúramóirí a fhaigheann Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile (DCA).
Is féidir é a íoc freisin le cúramóirí áirithe eile a bhfuil cúram lánaimseartha á sholáthar acu. Is féidir le cúramóirí an deontas a úsáid cibé bealach is mian leo.
Cáilíonn tú go huathoibríoch don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile (DCA).
Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, b’fhéidir go mbeifeá incháilithe fós má chomhlíonann tú na coinníollacha sna cásanna seo a leanas:
Níl tú cáilithe le haghaidh Deontas Tacaíochta do Chúramóirí sna cásanna seo a leanas:
Má tá aire á tabhairt agat do níos mó ná duine amháin, gheobhaidh tú deontas do gach duine.
Tá an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí cothrom le €1,850 le haghaidh gach duine a bhfuil aire á tabhairt agat dó/di. Íoctar an deontas uair sa bhliain, an chéad Déardaoin i mí Meithimh de ghnáth.
Tá an Deontas do Thacaíocht Cúramóirí díolmhaithe go hiomlán ó cháin ioncaim, ÁSPC agus ón Muirear Sóisialta Uilíoch.
Má tá Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúraim Baile (DCA) á fháil agat, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar an Deontas Tacaíochta do Chúramóirí. Íocfar thú go huathoibríoch gach mí Meithimh.
Mura bhfuil aon cheann de na híocaíochtaí seo á bhfáil agat, comhlánaigh an fhoirm iarratais thíos, le haghaidh gach duine a bhfuil aire á tabhairt agat dó/di.
Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe CSG1 leis na doiciméid tacaíochta ábhartha chuig:
Application Form: Carer’s Support Grant (CSG1)
Irish language version 10.20
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.