Íocaíocht atá i gceist le Forlíonadh Cothaithe a chabhraíonn leis an gcostas a bhíonn ar aiste bia speisialta a ordaíonn do dhochtúir nó sainchomhairleoir ospidéil.
Cuireadh stop leis an bhForlíonadh Cothaithe d’iarratasóirí nua ón 1 Feabhra 2014.
Is féidir le daoine a raibh Forlíonadh Cothaithe á fháil acu roimh an 1 Feabhra 2014 an íocaíocht a choimeád a fhad agus a leanann siad a bheith i dteideal an íocaíocht a fháil.
Tá tú i dteideal an Forlíonadh Cothaithe a choimeád d’aiste bia ordaithe sna cásanna seo a leanas:
Chun Forlíonadh Cothaithe a fháil, caithfidh sainchomhairleoir ospidéil nó cláraitheoir ospidéil an méid seo a leanas a dheimhniú:
Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh (DG) aiste bia atá saor ó ghlútan do dhuine fásta nó do leanbh idir 18 agus 22 bliain d’aois a ordú.
I gcás Forlíontaí Cothaithe, mar shampla, do dhaoine ar a bhfuil fiobróis chisteach, is féidir glacadh le leabhar na scéime breoiteachta fadtéarmaí mar chruthúnas gur ordaíodh aiste bia. Caithfear an fad ama dá bhfuil an aiste bia á hordú agus saghas na haiste bia a lua.
Leagann an Roinn leibhéal seachtainiúil gach aiste bia a ordaítear amach.
Cáilítear na haistí bia seo a leanas don fhorlíonadh cothaithe:
Aistí bia cáilitheacha | Costas na haiste bia |
Aiste bia íseal-lachtóis, saor ó bhainne | €65.43 |
Aiste bia saor ó ghlútan | €68.43 |
Aiste bia ardphróitéine, ardchalraí | €71.43 |
Aiste bia dlúis athraithe (leachtaithe) | €74.93 |
Cuireadh stop leis an bhForlíonadh Cothaithe d’iarratasóirí nua ón 1 Feabhra 2014.
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Leasa Pobail na Roinne ag d’Ionad Intreo áitiúil.