Tháinig deireadh le socruithe sealadacha a bhí i bhfeidhm le linn phaindéim COVID-19 inar ceadaíodh básanna a chlárú gan gaol a bheith i láthair in oifig um chlárú sibhialta Déardaoin an 30 Meán Fómhair 2021 nuair a athosclaíodh oifigí um chlárú sibhialta FSS.
Déan teagmháil le d'oifig um chlárú sibhialta áitiúil de chuid FSS le haghaidh uaireanta oscailte agus le haghaidh tuilleadh eolais ar conas clárú báis a chomhlánú.
Is féidir sonraí teagmhála d'oifig áitiúil um chlárú sibhialta áitiúil a fháil ar na láithreáin ghréasáin seo a leanas:
Ar an gcéad dul síos, tá gach bás COVID-19 intuairiscithe don Chróinéir ar tharla an bás ina limistéar oibríochta. Féadfar básanna a tharla mar gheall ar an ngalar seo a chlárú nuair a fhaightear deimhniú Cróinéara agus níl aon cheanglas ar aon bhall eile den teaghlach nó neasghaol gníomhú.
Tar éis báis, caithfidh lia-chleachtóir cláraithe a thug cúram don duine éagtha cuid 1 den Fhoirm Fógra Báis (DNF) a chomhlánú agus a shíniú. Cuimsíonn Cuid 1 an Teastas Leighis maidir le Cúis an Bháis (MCCD).
Tugtar an fhoirm seo do ghaol nó do pháirtí sibhialta an duine nach maireann, nó mura bhfuil siad ann, d’fhaisnéiseoir cáilithe eile (féach liosta thíos d'fhaisnéiseoirí cáilithe eile).
Úsáidtear an fhoirm seo ansin chun an bás a chlárú. Ní mór do ghaol, páirtí sibhialta nó faisnéiseoir cáilithe eile an bás a chlárú laistigh de 3 mhí i ndiaidh an bháis.
Is éard atá i gceist le faisnéiseoir cáilithe ná:
(a) gaol, páirtí sibhialta, comhchónaitheoir, neasghaol, ionadaí pearsanta nó uachtarán creidimh an duine éagtha a bhfuil eolas aige/aici maidir leis na sonraí riachtanacha
(b) duine a bhí i láthair ag an mbás
(c) aon duine eile a bhfuil eolas aige/aici ar na sonraí riachtanacha
(d) má tharla an bás i bhfoirgneamh a úsáideadh mar áitreabh nó i gcuid d’fhoirgneamh a raibh a leithéid sin d’úsáid á baint as, aon duine a bhí san fhoirgneamh nó cuid de tráth an bháis
(e) má tharla an bás in ospidéal nó in institiúid eile nó i bhfoirgneamh nó i gcuid d’fhoirgneamh arna áitiú ag aon eagraíocht nó fiontar eile, príomhoifigeach na hinstitiúide, eagraíochta nó fiontair (cibé ainm a thugtar air/uirthi) nó duine atá údaraithe ag an bpríomhoifigeach chun a f(h)eidhmeanna a chomhlíonadh
(f) duine a d'aimsigh corp an duine i gceist
(g) duine a ghlac freagracht as an gcorp sin
(h) an duine a thug diúscairt an choirp chun críche
(i) aon duine eile a bhfuil eolas aige/aici faoin mbás
Ní bhaineann aon táille le bás a tharlaíonn in Éirinn a chlárú. Tá táillí le híoc chun cóip de dheimhniú báis a fháil.
Eisítear teastas chun críocha leasa shóisialaigh ar chostas laghdaithe. Teastaíonn fianaise chun críocha leasa shóisialaigh, ar nós nóta ón Roinn.
Sa chás go bhfaigheann saoránach Éireannach bás thar lear agus go raibh an duine sin ina g(h)náthchónaí in Éirinn laistigh de thréimhse 5 bliana roimh a mbás, is féidir an bás a thaifeadadh i dTaifead Bás a Tharlaíonn i dTír Eachtrach.
Tá do thuairim maidir leis an bpróiseas reatha chun básanna a fhógairt agus a chlárú á lorg ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gComhairliúchán Poiblí maidir le hAthbhreithniú ar an bPróiseas Clárúcháin Básanna a fháil, cliceáil anseo.