Is ionann saoire mháithreachais agus cineál reachtúil cead neamhláithreachta ón bhfostaíocht do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanas speisialta.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Scéim Saoire Máithreachais atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal “Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Mar thoradh ar athruithe reachtacha, cuirtear in iúl d’fhostóirí go ndearnadh leasú ar an Scéim Saoire Máithreachais. Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0010/2024 .
Maidir le sosanna beathú cíche do mhúinteoirí, féach Ciorclán 0052/2023 dar teideal “Sosanna Beathú Cíche do Mhúinteoirí Cláraithe atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Theidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta, féach Ciorclán 0017/2013 dar teideal ‘Teidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta’.
Mar thoradh ar athruithe reachtacha, cuirtear in iúl d’fhostóirí go ndearnadh leasú ar Chiorclán 0017/2013 dar teideal ‘Teidlíochtaí Cosanta Máithreachais do Chúntóirí Riachtanas Speisialta’. Féach Nóta Faisnéise TC/IN 0011/2024 .
Maidir le sosanna beathú cíche do chúntóirí riachtanas speisialta, féach Ciorclán 0053/2023 dar teideal “Sosanna Beathú Cíche do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Ní mór do mhúinteoirí an Fhoirm Iarratais ar leathanach 57 de Chiorclán 0054/2019 a chomhlánú agus í a chur faoi bhráid a bhfostóra sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta tosaithe beartaithe.
Ní mór do chúntóirí riachtanas speisialta an fhoirm iarratais ar leathanach 11 de Chiorclán 0017/2013 a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig a bhfostóir sé seachtaine ar a laghad roimh thús na saoire.