Is íocaíocht do dhaoine idir 18 agus 66 bliain d'aois atá go hiomlán dífhostaithe nó dífhostaithe go pointe áirithe, agus a bhfuil dóthain íocaíochtaí árachas sóisialach pá-choibhneasa (ÁSPC) íoctha acu é Sochar Cuardaitheora Poist.
Má thugtar seachtain oibre níos giorra duit ar bhonn sealadach, mar shampla, má laghdaítear do sheachtain oibre ó 5 lá oibre go 3 lá oibre, is féidir leat tacaíocht a fháil ón Tacaíocht d'Obair Ghearr Ama faoin scéim Sochair Cuardaitheora Poist don dá lá eile. Ní mór d'Obair Ghearr-Ama a bheith córasach agus pátrún soiléir leanúnach d'fhostaíocht a léiriú, agus ní mór duit a bheith ag obair lá amháin sa tseachtain ar a laghad.
Íoctar Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh 6 mhí nó 9 mí ag brath ar líon na n-íocaíochtaí árachas sóisialach pá-choibhneasa atá íoctha agat.
Ón 30 Eanáir 2023, tá sé curtha i bhfeidhm arís againn go bhfuil sé riachtanach go bhfuil aitheantas gach duine a bhfuil iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist á dhéanamh acu dearbhaithe ag Leibhéal 2 SAFE sula n-íoctar a n-éileamh.
Ciallaíonn sé sin nach mór go bhfuil d'aitheantas deimhnithe agus dearbhaithe againn go leibhéal sásúil.
Baineann sé seo le hiarratais ar líne agus iarratais ar pháipéar araon.
Má tá tú dearbhaithe ag Leibhéal 2 SAFE cheana féin, beidh tú in ann teacht ar na seirbhísí ar líne trí do chuntas fíoraithe MyGovID.
Chun Leibhéal 2 SAFE a bhaint amach, ní mór duit freastal ar d'Ionad Intreo áitiúil nó d'Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil chun do chlárúchán a chríochnú. Nuair atá an próiseas clárúcháin Leibhéal 2 SAFE críochnaithe agat, is féidir leat do chuntas a fhíorú. Tabharfaidh sé seo rochtain duit ar na seirbhísí ar líne go léir trí do chuntas MyGovID, iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist san áireamh.
Ní mór duit na riachtanais seo a chomhlíonadh chun cáiliú do Shochar Cuardaitheora Poist:
D'fhéadfaí bheith ag obair suas go 3 lá sa tseachtain agus Sochar Cuardaitheora Poist a fháil do na laethanta eile má tá tú ar fáil d'obair lánaimseartha.
Ní mór duit dhá choinníoll ÁSPC a shásamh ionas gur féidir leat cáiliú do Shochar Cuardaitheora Poist.
B'éigean duit 104 íocaíocht ÁSPC bheith íoctha agat ag Aicme A, H nó P,
nó
B'éigean duit 156 íocaíocht ÁSPC dóibh siúd atá féinfhostaithe ar a laghad bheith íoctha agat ag Aicme S.
Is gá go bhfuil ceachtar díobh seo a leanas agat:
39 íocaíocht ÁSPC ón bhfostaíocht nó luaite sa bhliain chúnaimh rialaithe. Ní mór do 13 de na híocaíochtaí seo bheith íoctha ón bhfostaíocht sa bhliain chúnaimh rialaithe, an dá bhliain roimhe seo, an bhliain dheireanach nó an bhliain chánach reatha.
Is í an bhliain ranníoca rialaithe an dara bliain chánach iomlán dheireanach roimh an mbliain ina ndéantar an t-éileamh. Mar shampla, i gcás éilimh a rinneadh sa bhliain 2022, is í 2020 an bhliain ranníoca rialaithe.
nó
26 ranníocaíocht ÁSPC a bheith íoctha sa bhliain ranníoca rialaithe agus 26 íoctha sa bhliain díreach roimhe sin.
Tabharfar isteach socruithe pinsin solúbtha nua i mí Eanáir 2024. Tá socruithe pinsin solúbtha ann do dhaoine a shroicheann 66 bliana d’aois an nó tar éis 1 Eanáir 2024.
Má tá tú 66 bliain d’aois in 2024 nó níos déanaí, beidh an rogha agat éileamh a dhéanamh ar do Phinsean Stáit (Ranníocach) ar dháta ar bith idir 66 agus 70 bliain d’aois.
Má shocraíonn tú gan do Phinsean Stáit (Ranníocach) a tharraingt anuas ag 66 bliain d’aois agus má chomhlíonann tú coinníollacha na scéime Sochar Cuardaitheora Poist, féadfaidh tú Sochar Cuardaitheora Poist a fháil/iarratas a dhéanamh air suas go dtí 70 bliain d’aois. Ní bhfaighidh tú ranníocaíochtaí creidiúnaithe fad is atá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat tar éis 66 bliain d’aois. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige seo ar do theidlíochtaí don Phinsean Stáit (Ranníocach). Tar éis duit 66 bliain d'aois a shroicheadh, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist trí fhoirm iarratais páipéir (UP1), atá ar fáil i d'Oifig Intreo áitiúil nó i d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil, a líonadh.
Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat cheana féin, má rugadh tú tar éis an 1 Eanáir 1958 agus tú ag druidim le 66 bliain d'aois, gheobhaidh tú litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí ag cur do roghanna in iúl duit.
Beidh ráta na híocaíochta ag brath ar do mheántuilleamh seachtainiúil sa bhliain ranníoca ábhartha.
Is iad seo a leanas na rátaí reatha:
Rátaí Sochair Cuardaitheora Poist | Ráta |
Íocaíocht sheachtainiúil iomlán | €232.00 |
Íocaíocht bhreise do dhuine fásta cáilithe | €154.00 |
Íocaíocht bhreise do leanbh cáilithe faoi 12 | €46.00 (ráta iomlán), €23.00 (leathráta) |
Íocaíocht bhreise leanbh cáilithe 12 agus os a chionn | €54.00 (ráta iomlán), €27.00 (leathráta) |
Dá mba rud é go raibh tú ag obair go páirtaimseartha le linn na bliana ranníoca ábhartha agus nach raibh do mheántuilleamh níos airde ná €300 in aghaidh na seachtaine, ní cháileoidh tú don lánráta íocaíochta.
Chun teacht ar shonraí maidir leis na rátaí íocaíochta laghdaithe, féach ar na táblaí thíos le do thoil.
Meántuilleamh seachtainiúil | Ráta pearsanta íocaíochta |
Níos lú ná €150 | €104.10 |
€150 nó níos mó ach níos lú ná €220 | €149.60 |
€220 nó níos mó ach níos lú ná €300 | €181.70 |
€300 nó níos mó | €232.00 |
D'fhéadfaí ráta níos airde a fháil d'aosach cáilithe agus do pháistí cáilithe.
Tá an t-uasráta íocaíochta de Shochar Cuardaitheora Poist iníoctha le gach custaiméir 65 bliana d'aois. Ní bhaineann rátaí grádaithe sa chás seo. Ar an mbealach céanna, má tá tú i dteideal ardú do dhuine fásta cáilithe, tá an Méadú uasta i leith Duine Fásta Cáilithe (MDFC) iníoctha leat. Coinnítear le rátaí MDFC barrchaolaithe sa chás go bhfuil ioncam ag an duine fásta cáilithe ón bhfostaíocht, ón bhféinfhostaíocht, ón gcaipiteal, ó infheistíochtaí, agus araile.
Mar sin féin, má thosaíonn tú le fostaíocht pháirtaimseartha ag 65 bliana d'aois, íoctar tú do na laethanta dífhostaithe ag baint úsáide as an uasráta do Shochar Cuardaitheora Poist.
Íoctar Sochar Cuardaitheora Poist gach seachtain i riaráiste. Íoctar gach íocaíocht cuardaitheora poist go seachtainiúil lena n-oifig phoist áitiúil ach amháin má tá tú ag obair go páirtaimseartha nó ar gearr-am nó má tá tú os cionn 62 bhliain d'aois.
Má oibríonn tú ar bhonn ócáideach, déanfar d'íocaíocht le hinstitiúid airgeadais nó le seic ar chúiseanna riaracháin.
Tá neamhaird cíosa reachtúil nua dar luach €269.23 in aghaidh na seachtaine (€14,000 in aghaidh na bliana) tagtha isteach agus tháinig sé i bhfeidhm ón 12 Iúil 2022. Tá sé bailí sa chás go bhfuil méadú i leith duine fásta cáilithe íoctha, in ionad an ioncaim ón gcíos a bhfaighfeá dá mbeadh seomra(í) ar cíos agat do dhaoine nach fostaí nó baill teaghlaigh iad. Féach Treoirlínte Oibriúcháin um Méadú i leith Duine Fásta Cáilithe le haghaidh tuilleadh sonraí.
Más níos sine ná 62 bliain d'aois thú agus íocaíocht cuardaitheora á fáil agat, ní gá duit:
Má tá tú níos sine ná 65 nó má shroicheann tú 65 bliana d'aois agus Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat, leantar le d'íocaíocht go dtí go sroicheann tú 66 bliana d'aois. Tá feidhm aige seo fiú sa chás go bhfuil d'éileamh le dul in éag roimh an dáta sin.
Ní cháilíonn tú do Shochar Cuardaitheora Poist má tá tú as láthair ón stát, seachas má bhaineann ceann de na heisceachtaí seo a leanas leat:
Má fhaigheann tú Sochar Cuardaitheora Poist agus tá tú níos óige ná 65 bliana d'aois, is féidir leat a bheith as láthair ón stát suas go dtí dhá sheachtain i mbliain féilire.
Ó 30 Meán Fómhair 2022 ar aghaidh, má tá tú 65 bliana d'aois agus Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat is féidir leat a bheith as láthair ón Stát ar bhonn sealadach ar feadh níos mó ná 2 sheachtain i mbliain féilire.
Mar sin féin, caithfidh an t-asláithreacht a bheith sealadach, agus ní féidir leat do phá a shaothrú trí fhostaíocht nó trí fhéinfhostaíocht agus tú as láthair ón Stát.
Má tá tú 65 bliana d'aois, is féidir leat bheith as láthair ón Stát ar bhonn sealadach ar feadh cibé tréimhse le linn shaolré d'éilimh. Cuimsíonn sé seo d'aosach cáilithe. B'éigean duit an Roinn a chur ar an eolas maidir le plean an Stát a fhágáil agus b'éigean duit dáta fillte garbh a lua. Caithfear an fhoirm UP30b – As Láthair ón Stát, a líonadh ach seans go leanfar le d'íocaíocht le linn na hasláithreachta.
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d'Ionad Intreo nó Oifig Brainse áitiúil chun do theidlíochtaí a sheiceáil sula bpleanálann tú saoire nó sula dtéann tú ar saoire. Tá sonraí iomlána maidir le teidlíochtaí saoire ar fáil anseo.
Is féidir leat leanúint ort ag obair tar éis duit 66 a shroicheadh agus Pinsean Stáit a fháil agat má chomhlíonann tú na coinníollacha ar fad a bhaineann le pinsean.
Féach Pinsean Stáit (Ranníocach) agus Pinsean Stáit (Neamhranníocach) le haghaidh tuilleadh eolais maidir le conas cáiliú do na híocaíochtaí sin.
Más fostaí tú atá ag íoc Aicme A don Choimirce Sóisialta (ÁSPC), cuir ceist ar d'fhostóir é seo a athrú ó Aicme J nuair a shroicheann tú 66.
Inseoidh do dhuillín pá duit cén aicme de ranníocaíocht ÁSPC a íocann tú.
Má tá tú féinfhostaithe agus ag íoc ranníocaíocht árachais shóisialta Aicme S, ba cheart duit ÁSPC a íoc ag Aicme M tar éis duit 66 a bhaint amach.
Má tá cuntas MyGovID fíoraithe agat is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne ar MyWelfare.ie
Má tá cuntas MyGovID bunúsach agus Cárta Seirbhísí Poiblí agat, is féidir leat do chuntas a fhíorú ar MyGovID.ie.
Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne agus más mian leat go seolfar foirm iarratais chugat sa phost, seol ríomhphost chuig BP65forms@welfare.ie agus cuir d'ainm iomlán, do sheoladh agus ainm na foirme san áireamh.
Is féidir leat iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar d'Ionad Intreo nó d'Oifig Brainse áitiúil freisin.
Beidh na cáipéisí seo a leanas ag teastáil uait chomh maith leis an bhfoirm iarratais chun iarratas a dhéanamh:
Ba chóir duit iarratas a dhéanamh chomh luath is a éiríonn tú dífhostaithe nó tá seans ann go gcaillfí tú cuid de d'íocaíocht.
Má tá éileamh á dhéanamh agat in athuair (níos lú ná 6 mhí ón éileamh deireanach), ba chóir duit foirm éilimh leantach ar a dtugtar UP 6 a líonadh.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh fiú mura bhfuil na cáipéisí ar fad agat, ach ní féidir leat cinneadh a fháil ar d'iarratas go dtí go bhfuil na cáipéisí ar fad curtha ar fáil agat.
Caithfidh d'fhostóir an fhoirm UP80 a líonadh thíos. Is féidir an fhoirm seo a íoslódáil agus a líonadh ó ghléas. Nuair a líonann d'fhostóir an fhoirm, caithfidh tú é a sheoladh chuig d'Ionad Intreo áitiúil
Dearbhú Fostóra maidir le Fostaíocht Ócáideach/ Pháirtaimseartha/Ghearrthéarmach (UP80)
Lúnasa 2021 - UP80
Is féidir leat do laethanta oibre agus na laethanta nach bhfuil tú ag obair a fhógairt trí www.MyWelfare.ie . Ciallaíonn sé sin nach mbeidh ort duillíní ar pháipéar a sheoladh chuig d'Ionad Intreo/Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh gach seachtain.
Féach, le do thoil, ár dtreoirleabhar maidir le deimhniúchán ar líne d'obair pháirtaimseartha/shealadach chun thuilleadh eolais a fháil.
Is féidir leat cinneadh a achomharc mura bhfuil tú sásta leis. Ba chóir duit achomhairc a dhéanamh laistigh de 21 lá ón dáta ar a rinneadh an cinneadh agus is féidir leat éisteacht ó bhéal a éileamh.
Déanfaidh oifigeach achomhairc cinneadh maidir le do chás. Is é seo an cinneadh deiridh. Is féidir cinneadh a dhéanamh ar roinnt cásanna gan éisteacht ó bhéal.
Má thagann eolas nua chun solais nó má thagann athrú ar do chúinsí pearsanta, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist arís.
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann an fhoireann sa roinn agus iad i mbun a gcuid oibre.