Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is íocaíocht sheachtainiúil €232 é Sochar Sláinte agus Sábháilteachta do mhná fostaithe atá:
Tugtar saoire sláinte agus sábháilteachta duit mura féidir le d’fhostóir:
Le linn saoire sláinte agus sábháilteachta, meastar go bhfuil tú fós fostaithe. Ciallaíonn sé seo, mar shampla, go leanann saoire bhliantúil ar aghaidh ag carnadh agat. Ach níl tú i dteideal íocaíocht a fháil do laethanta saoire poiblí agus tú ar saoire sláinte agus sábháilteachta. Má tá tú ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe, is féidir go bhfaighfidh tú Sochar Sláinte agus Sábháilteachta ar leathráta.
Má chomhlíonann tú na ceanglais riachtanacha go léir chun go gcuirfí san áireamh tú i gcúinsí contúirteacha, d’fhéadfá a bheith incháilithe do Shochar Sláinte agus Sábháilteachta. Tá trí chúinse ann a chomhlíonann an cur síos seo:
Cás a hAon
Cás a Dó
Cás a Trí
De réir an dlí, sainmhínítear obair oíche mar obair idir 11i.n. lá ar bith agus 6r.n. an lá dar gcionn, nuair:
Is féidir leat sonraí a fháil ar na rioscaí a bhaineann le hobair oíche ón An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta. Má tá deacracht agat iarraidh ar d’fhostóirí síniú ar Shaoire Sláinte agus Sábháilteachta, is féidir leat dul i dteagmháil leis an An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre .
Is é an ráta caighdeánach ná €232 in aghaidh na seachtaine. Braitheann an ráta seachtainiúil a d’fhéadfá a fháil, áfach, ar an méid a thuilleann tú sa bhliain chánach ábhartha.
Chun go gcáileofá le haghaidh an ráta chaighdeánaigh, ní mór go mbeadh do thuilleamh €300 ar a laghad in aghaidh na seachtaine. Má thuilleann tú níos lú ná seo, gheobhaidh tú ráta laghdaithe agus méadú comhréireach do ráta do dhaoine fásta cáilithe:
Meántuilleamh Seachtainiúil | Ráta Pearsanta | Méadú do Dhaoine Fásta Cáilithe |
€300.00 nó níos mó | €220.00 | €146.00 |
€220.00 agus níos lú ná €299.99 | €172.30 | €94.50 |
€150.00 agus níos lú ná €219.99 | €141.90 | €94.50 |
€32.00 agus níos lú ná €149.99 | €98.70 | €94.50 |
Nuair a théann tú ar saoire sláinte agus sábháilteachta, íocann d'fhostóir do ghnáthphá ar feadh na gcéad trí seachtaine (21 lá). Íocann an Roinn do Shochar Sláinte agus Sábháilteachta ina dhiaidh sin.
Níl do Shochar Sláinte agus Sábháilteachta iníoctha a thuilleadh in dhá chás, sa chás go bhfuil cás amháin nó níos mó i gceist:
Tá deireadh tagtha le do thréimhse incháilithe
Athraíonn d’imthosca san ionad oibre
Íoctar Sochar Sláinte agus Sábháilteachta díreach isteach i do chuntas reatha nó do chuntas taisce i do bhanc nó do chumann foirgníochta. Ní féidir é a híoc isteach i gcuntas morgáiste.
Má íocann tú cáin, beidh ort cáin a íoc ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta. Ní bheidh ort an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) nó árachas sóisialta (ÁSPC) a íoc.
Déan iarratas ar Shochar Sláinte agus Sábháilteachta chomh luath agus a dheonaíonn d’fhostóir saoire sláinte agus sábháilteachta duit.
Foirm Iarratais: Sochar Sláinte agus Sábháilteachta (HSB1)
Eagrán: Meán Fómhair 2021
Nuair a bheidh sí críochnaithe, seol an fhoirm thíos chuig:
(d’fhéadfadh go n-athraíonn rátaí a ghearrtar ar Íosghlao)
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.