Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Nóta Tábhachtach
Má cháilíonn tú go huathoibríoch don íocaíocht Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain 2024, gheobhaidh tú fógra dámhachtana chuig do chuntas MyWelfare nó sa phost roimh dheireadh mhí an Mheithimh 2024.
Mura gcáilíonn tú go huathoibríoch agus mura bhfuil fógra maidir lena bhronnadh faighte agat faoi dheireadh mhí an Mheithimh, beidh ort iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar líne ag www.MyWelfare.ie
Is é an 30 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua 2024.
Is éard atá sa Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ná íocaíocht aonuaire de réir tástáil acmhainne atá dírithe ar chabhrú le teaghlaigh le costais bhreise éadaí agus coisbhirt nuair a thosaíonn leanaí ar scoil gach fómhar. Bíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar oscailt ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain.
Chun cáiliú don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
idir 4 agus 17 mbliana d’aois nó
idir 18 agus 22 bhliain d’aois, agus ag filleadh ar oideachas dara leibhéal san fhómhar
Aois an Linbh | Ráta |
4 – 11 | €160 |
12 – 22 | €285 |
Cuimhnigh, ní mór go mbeadh leanaí idir 18 agus 22 bhliain d’aois san oideachas dara leibhéal chun cáiliú.
Osclófar scéim an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain 2024 i mí an Mheithimh 2024. Trí phróiseas meaitseála sa roinn, gheobhaidh go leor daoine íocaíocht an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua go huathoibríoch. Eiseofar fógraí chuig do chuntas MyWelfare nó tríd an bpost i mí an Mheithimh.
Mura bhfuil fógra maidir le bronnadh an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua faighte agat faoi dheireadh mhí an Mheithimh, agus má chomhlíonann tú na coinníollacha cáiliúcháin, beidh ort iarratas a dhéanamh, fiú má fuair tú an íocaíocht go huathoibríoch sna blianta roimhe sin.
Is é an bealach is tapúla agus is éasca chun iarratas a dhéanamh ná ar líne ag MyWelfare.ie . Osclófar an t-iarratas ar líne i mí an Mheithimh 2024.
Ó mhí an Mheithimh 2024, má bhíonn deacrachtaí agat iarratas a dhéanamh ar líne, déan teagmháil le foireann an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar 0818 11 11 13 nó 071 91 93318 nó seol ríomhphost chuig an bhfoireann ag bscfa@welfare.ie agus beidh oifigeach in ann cabhrú leat iarratas a dhéanamh ar líne nó foirm iarratais a eisiúint chugat sa phost.
Tá leagan PDF den fhoirm iarratais ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ar fáil thíos lena phriontáil agus a sheoladh chuig an seoladh ar an bhfoirm.
Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua 2024
BSCFA 1 - 2024
Is é an 30 Meán Fómhair de bhliain na scéime an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua.
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus ar na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.