Chomh maith leis an bpríomhról atá aige/aici faoin mBunreacht mar chomhairleoir don Rialtas i ndáil le cúrsaí dlí agus tuairimí dlí, tá feidhm reachtúil ag an Ard-Aighne chun ionadaíocht a dhéanamh ar an bpobal i ngach imeacht dlí maidir le cearta poiblí a dheimhniú nó a chosaint. Bronntar an fheidhm seo le halt 6(1) den Acht Airí agus Rúnaithe 1924. Tagann sé seo chun cinn den chuid is mó nuair a lorgaíonn an tArd-Aighne urghaire chun srian a chur le sárú ar an dlí coiriúil nó le núis phoiblí, ar nós cur isteach ar cheart slí poiblí.
I gcás inar mian le duine den phobal ceart a fhorfheidhmiú ar leis an bpobal i gcoitinne é in ionad é a bheith ina cheart a bhfuil gné phríobháideach faoi leith ag baint leis nó i gcás ina bhfuil leas leordhóthanach príobháideach ag duine den phobal lena dtugtar teideal dó nó di cás a thabhairt dá cheart nó dá ceart féin, is féidir leis an duine den phobal iarratas a chuir faoi bhráid an Ard-Aighne chun páirt a ghlacadh sna himeachtaí chun críche an ceart poiblí sin a fhorfheidhmiú. I gcás ina n-aontaíonn an tArd-Aighne é sin a dhéanamh, deirtear go bhfuil an chaingean á tionscnamh ag an Ard-Aighne "arna hinsint ag" an duine den phobal lena mbaineann agus is "caingean insteora" a thugtar ar an gcaingean. I gcás ina dtéitear chun cainte leis an Ard-Aighne i ndáil le caingean dá leithéid atá beartaithe, ní mór dó nó di cinneadh a dhéanamh faoi thoiliú nó gan toiliú le caingean insteora a thionscnamh.
I gcás dá leithéid, ní hamháin go dtugann an tArd-Aighne a ainm/a hainm leis an gcaingean a thugann duine príobháideach ach éiríonn an tArd-Aighne ar an ngearánaí a bhfuil an ceart aige nó aici cinneadh a dhéanamh faoin mbealach an cás a stiúradh. Mar sin féin, i dtéarmaí praiticiúla, is é an cleachtas buan a bhíonn i gceist go láimhseálann aturnae an duine aonair príobháideach an cás i ndiaidh don Ard-Aighne a bheith sásta leis an mbunús atá leis an gcaingean atá beartaithe agus leis an mbealach ina dtionscnófar an chaingean.
Is é an tArd-Aighne a dhéanann cinneadh faoi thoiliú nó gan toiliú le caingean insteora a thionscnamh agus d’fhéadfadh sé/sí coinníollacha dá leithéid a cheangal leis an toiliú de réir mar a mheasann sé/sí a bheith iomchuí. Gan teorainn a chur le ginearáltacht an cheada seo i ndáil lena chinneadh/a cinneadh a dhéanamh, d’fhéadfadh an tArd-Aighne aird a thabhairt, i measc ceisteanna eile, ar na cearta a líomhnaítear a sáraíodh, fairsinge an tsáraithe a líomhnaítear, na hiarmhairtí a bhaineann leis an sárú seo don phobal (nó cuid den phobal), neart an cháis, idir neart dlíthiúil agus neart fianaiseach, bunchúiseanna an insteora, an éifeacht a bhaineann le himeachtaí dlí a chur ar bun don chosantóir nó cosantóirí atá beartaithe nó duine ar bith díobh, cumas an insteora maidir le haon ghealltanais a chomhlíonadh i ndáil le damáistí nó i ndáil le haon chostais a dámhadh ina aghaidh nó ina haghaidh a íoc.
Má tá an tArd-Aighne chun iarratas a bhreithniú chun toiliú nó gan toiliú a thabhairt maidir le caingean insteora a thionscnamh, ní mór na doiciméid seo a leanas a chur faoi bhráid an Phríomh-Aturnae Stáit:
1. Dréacht den toghairm Ardchúirte atá beartaithe nó de Bhille Sibhialta le Deimhniú Abhcóide formhuinithe air ar cás cuí é do thoiliú an Ard-Aighne. (Is gnách cóip den Ráiteas Éilimh atá beartaithe a sheachadadh a sholáthar ag an gcéim seo).
2. Ráiteas Fíoras ina léirítear go soiléir cineál an chirt phoiblí a líomhnaítear a sáraíodh agus caingean an chosantóra atá beartaithe a líomhnaítear ina leith gur sháraigh an cosantóir an ceart seo. Ní hamháin gur chóir go dtabharfadh sé seo achoimre ghinearálta ar an éileamh ach ba chóir dó cineál agus neart na fianaise mar thaca leis a léiriú freisin.
3. Cóip den toghairm atá le heisiúint, ar a bhféadfaí toiliú an Ard-Aighne a bheith formhuinithe.
4. Deimhniú ón aturnae don insteoir atá beartaithe go bhfuil sé nó sí, de réir eolas pearsanta an aturnae, ina dhuine d’inniúlacht leordhóthanach (i.e. acmhainní airgeadais) chun íoc as costais agus speansais an Ard-Aighne agus as costais nó damáistí a dhámhtar ina aghaidh nó ina haghaidh.
5. Gealltanas scríofa atá sínithe ag an insteoir agus atá fianaithe ag a aturnae/a haturnae lena ngealltar na costais, speansais nó damáistí ar fad dá leithéid a íoc.
D’fhéadfadh sé go mbeadh faisnéis agus doiciméid bhreise ag teastáil ón Ard-Aighne maidir leis an gcás ionas go mbeadh sé nó sí in ann cé acu atá nó nach bhfuil cás cuí ann chun toiliú a thabhairt maidir le caingean insteora a thionscnamh.
Gan teorainn a chur le ceart an Ard-Aighne coinníollacha breise a chur i bhfeidhm maidir le toiliú a dheonú, is coinníoll den deonú toilithe an méid seo a leanas:
1. Tá cúram na n-imeachtaí ag aturnae an insteora faoi réir an cheanglais go bhfuil na himeachtaí faoi rialú agus stiúradh foriomlán an Ard-Aighne.
2. Ní mór an tArd-Aighne a choinneáil ar an eolas trí Phríomh-Aturnae an Stáit maidir le dul chun cinn sa dlíthíocht agus ina aon chéimeanna sa dlíthíocht sin. Ní mór gur idir Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus aturnae don insteoir a bheadh an chumarsáid ar fad.
3. Ní mór don Aid-Aighne toiliú le haon imeachtaí ina dhiaidh sin i gcaingean insteora. Ní mór don Ard-Aighne gach dréacht-phléadáil a fhormheas roimh sheachadadh agus ní mór toiliú a fháil uaidh nó uaithi maidir leis sin a sheachadadh. Chomh maith leis sin, ní mór toiliú an Ard-Aighne a fháil maidir le pléadálacha a leasú sa bhealach céanna a fuarthas an toiliú i gcaitheamh na n-imeachtaí bunaidh.
4. Is é an t-insteoir a thugann aon ghealltanas i ndáil le damáistí nó tugtar iad thar ceann an insteora agus ní an tArd-Aighne a thugann aon ghealltanas ná ní thugtar aon ghealltanas thar a cheann/a ceann. Tugann an t-aturnae don insteoir gealltanas intuigthe lena chinntiú nach dtugann an tArd-Aighne aon ghealltanas i ndáil le damáistí ná ní thugtar aon ghealltanas thar a cheann/a ceann agus is é an t-insteoir amháin a thugann aon ghealltanas nó a dtugtar aon ghealltanas thar a ceann.
5. Is féidir leis an Ard-Aighne iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte chun caingean insteora a chaitheamh amach. Más mian leis an insteoir bac a chur ar imeachtaí nó scor d’imeachtaí ar théarmaí nó gan téarmaí, ní mór don insteoir ceadú an Ard-Aighne a fháil roimhe sin.
6. Níl cead ag insteoir a bheith i láthair i bpearsa thar ceann an Ard-Aighne. Seachas sa chás go bhfuil an tArd-Aighne i láthair i bpearsa sa Chúirt, ní mór go ndéanfadh aturnae agus abhcóide ionadaíocht air/uirthi.
7. D’fhéadfaí caingean reatha, le toiliú ón Ard-Aighne agus ón gCúirt, a thiontú ina caingean insteora in ainm an Ard-Aighne arna hinsint ag duine ainmnithe. Tá feidhm leis na ceanglais chéanna maidir le toiliú an Ard-Aighne.
8. Is é an t-insteoir amháin a sheasann na costais dlí ar fad a bhaineann leis an gcaingean agus is é an t-insteoir amháin atá faoi dhliteanas an chosantóra maidir le haon chostais agus/nó damáistí a dhéantar in aghaidh an insteora a bhronnadh mura n-éiríonn leis an gcaingean. Ní chúitíonn an tArd-Aighne an t-insteoir i dtaca le haon neamhchosaint ar chostais agus speansais dlí.
Is iad seo na príomh-choinníollacha a bhaineann le toiliú an Ard-Aighne a dheonú maidir le caingean insteora a thionscnamh. Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ó Oifig an Ard-Aighne, Sráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2. Ní féidir leis an Ard-Aighne agus le baill foirne na hOifige comhairle dlí a thabhairt do dhaoine den phobal. Ba chóir do dhaoine den phobal a gcomhairle dlí féin a fháil maidir leis na nósanna imeachta ar chóir dóibh úsáid a bhaint astu chun cearta poiblí a fhorfheidhmiú.