Iar-Ardteistiméireacht (PLC)
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is clár lánaimseartha é an clár Ardteistiméireachta (IAT) do dhaoine óga a bhfuil an Ardteistiméireachta tugtha chun críche acu agus do dhaoine fásta atá ag filleadh ar an oideachas. Cuirtear cúrsaí iar-Ardteistiméireachta ar fáil den chuid is mó i ngairmscoileanna roinnt soláthar i scoileanna deonacha, meánscoileanna, pobalscoileanna agus scoileanna cuimsitheacha. De ghnáth bíonn cúrsaí IAT ar Leibhéal 5 nó Leibhéal 6 de Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI).
Féadfaidh scoláirí a bheith páirteach sa chlár trí theagmháil a dhéanamh leis na Boird Oiliúna agus Oideachais (BOOanna) nó trí theagmháil a dhéanamh le scoil atá ag tairiscint cúrsaí IAT. Is féidir go bhfaighidh tú cúrsa ar Qualifax freisin.
Tá scéim um dheontas cothabhála ar fáil ar féidir le scoláirí IAT iarratas a dhéanamh air. Déantar tástáil acmhainne ar an scéim chothabhála agus íoctar deontais ar aon dul leis na scéimeanna tacaíochta do mhic léinn tríú leibhéal atá ann faoi láthair. Tá foirmeacha iarratais ar dheontais ar fáil ó BOOanna áitiúla.
Faoin scéim um Naisc Ardoideachais, déantar áiteanna ar chúrsaí roghnaithe sna hInstitiúidí Teicneolaíochta a leithdháileadh ar bhonn gnóthachtála a ghnóthaigh iarrthóirí ar chúrsaí IAT i ndámhachtainí. Tá sonraí ar fáil ó phríomhoide na scoile nó ó chomhairleoir treorach nó ó Shuíomh Gréasáin QQI nó ar an nguthán ag: (01) 9058100.