Íocaíocht is ea Forlíonadh Cíosa do roinnt daoine atá cónaí orthu i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach féidir leo costas a gcóiríochta féin a íoc lena gcuid ioncaim féin.
Go dtí seo, d'fhéadfá cur isteach ar Fhorlíonadh Cíosa da mbeifeá incháilithe do thacaíocht tithíocht shóisialta agus dá mbeifeá ar liosta tithíochta na n-údarás áitiúil. Ba chóir do dhaoine sa chás seo cur isteach ar an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT).
Le cáiliú do Fhorlíonadh Cíosa, ba cheart go mbeadh an t-oifigeach atá ag láimhseáil do chás sásta go bhfuil tú, ag an am a chuireann tú isteach, i dtionóntacht dleathach agus:
nó
Tá sé le fáil chomh maith do dhaoine a raibh cónaí orthu i dtithíocht do dhaoine gan dídean nó in institiúd ar feadh 183 lá nó níos mó sa 12 mhí roimh dóibh an t-iarratas a dhéanamh, agus do dhaoine nach bhfuil incháilithe do thacaíocht tithíocht shóisialta.
Má theastaíonn cabhair uait le do chíos ach níl tú incháilithe de réir na gcoinníollach seo, ba chóir dul i dteagmháil le d'údarás áitiúil chun go ndéanfar measúnú ar do riachtanais tithíochta.
Le iarratas a dhéanamh, ba cheart an fhoirm iarratais don Fhorlíonadh Cíosa a líonadh isteach thíos. Is féidir le Seirbhísí Leasa Pobail na Roinne nó le d'oifig áitiúil Faisnéise so Shaoránaigh cabhrú leat leis an bhfoirm seo a líonadh isteach.
Foirm iarratais: Fhorlíonadh Cíosa (SWA RS1)
Eagrán: Deireadh Fómhair 2023
Tá cuid den fhoirm ar chóir do thiarna talún nó a ionadaí líonadh isteach. Ní mór don tiarna talún a uimhir tagartha cánach (a uimhir PSP de gnáth) a sholáthar don Roinn. Muna miste le do Thiarna Talún an fhoirm a líonadh isteach, tá foirm eile (SWA 3C) le fáil thíos.
SWA 3C ga
Tá an fhoirm seo le húsáid ag tiarna talún nó ag gníomhaire tiarna talún chun uimhir thagartha cánach an tiarna talún (nó míniú ar cén fáth nach bhfuil a leithéid d’uimhir ar fáil) a chur ar fáil de bhun Alt 198(4A) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 2005 (arna leasú). - Feabhra 2021
Muna bhfuil uimhir tagartha cánach ag do thiarna talún, ba cheart go scríobhadh sé/sí chugainn chun é sin a rá agus a mhíniú. Ní féidir do Fhorlíonadh Cíosa a íoc más rud é nach bhfuil uimhir cánach an tiarna talún, nó míniú cén fáth nach bhfuil ceann acu tugtha acu dúinn.
Tá cuid eile den bhfoirm a bhaineann leis an údarás áitiúil, más rud é go bhfuil tú ar liosta tithíochta agus gá agat le tithíocht beidh orthu é sin a dheimhniú.
Tá pacáistí Iarratais Cíosa le fáil i d'ionad áitiúil Intreo nó Oifig Bhrainse. Is féidir pacáiste a iarraidh trí ríomhphoist CWSforms@welfare.ie .
Tá na mionsonraí agus na foirmeacha ábhartha le fáil i ngach pacáiste. Nuair atá na doiciméid riachtanacha go léir ullamh agat, is féidir leat d'iarratas a sheoladh go dtí an Roinn Náisiúnta Forlíonta Cíosa. Tá seans go dtiocfaidh moill ar d'iarratas muna bhfuil an t-eolas ar fad a iarrtar ort tugtha isteach agat.
Is gá na doiciméid seo a leanas a sholáthar:
Ba cheart gach iarratas agus na doiciméid a bhaineann leis a sheoladh go dtí:
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis a leanann foireann na roinne agus iad i mbun oibre.