Déan Iarratas ar shuirbhé ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is í Oifig na Suirbhéireachta Muirí an rialtóir ar chúrsaí sábháilteachta loingis agus ar thruailliú an chomhshaoil muirí ó fhoinsí longbhunaithe a chosc. Rialaíonn Oifig na Suirbhéireachta Muirí gach saghas soitheach in Éirinn, idir shoithí ar an bhfarraige agus shoithí ar lochanna agus aibhneacha intíre, cibé an oibríonn siad faoi bhratach na hÉireann nó a mhalairt.
Déanann an Oifig rialáil freisin ar longa uile faoi bhratach na hÉireann is cuma cén áit ar domhan a bhfuil siad.
Chun taisteal sábháilte ar an bhfarraige a chinntiú, ní mór sábháilteacht an tsoithigh féin a sheiceáil agus tugtar suirbhé Oifig na Suirbhéireachta Muirí air sin.
Chun iarratas a dhéanamh ar shuirbhé ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí, comhlánaigh an fhoirm iarratais thíos agus seol chuig an seoladh thíosluaite í (mar aon leis an táille, más gá).
Foirm Iarratais ar Shuirbhé ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí
Foirm iarratais chun suirbhé ó Oifig na Suirbhéireachta Muirí a fháil déanta ar shoitheach.
Tá liosta iomlán na seirbhísí agus na dtáillí leagtha amach ar an bhFoirm Iarratais ar Shuirbhé Oifig na Suirbhéireachta Muirí thuas.
Fad cláraithe | Táillí do shoitheach nach bhfuil a haicme cláraithe le heagraíocht aitheanta | Táillí do shoitheach soitheach atá a haicme cláraithe le heagraíocht aitheanta |
15 -24 méadar | €1,500 + €100 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 15m ar fad | €700 + €25 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 15m ar fad |
24m - 45m | €2,400 + €75 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 24m ar fad | €925 + €25 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 24m ar fad |
45m -100m | €3,975 + €50 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 45m ar fad | €1,450 + €20 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 45m ar fad |
100m agus níos faide | €6725 + €50 le haghaidh gach méadar (nó cuid de mhéadar) sa bhreis ar 45m ar fad | €2,550 |
Fad cláraithe | Táillí do shoitheach nach bhfuil a haicme cláraithe le heagraíocht aitheanta | Táillí do shoitheach atá a haicme cláraithe le heagraíocht aitheanta |
Fad iomlán 15m agus níos faide | 60% den táille le haghaidh an chéad suirbhé nó le haghaidh suirbhé tréimhsiúil 4 bliana | 70% den táille le haghaidh an chéad suirbhé nó le haghaidh suirbhé tréimhsiúil 4 bliana |
Táillí Limistéir Farraige