Déan gearán faoi institiúid tríú leibhéal
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ceanglaítear ar gach ollscoil agus institiúid teicneolaíochta nósanna imeachta gearán a bheith i bhfeidhm acu. Ní dhéantar na nósanna imeachta foirmiúla gearán a agairt de ghnáth ach nuair a baineadh triail as gach uile nós imeachta neamhfhoirmiúil. Is féidir sonraí faoi na nósanna imeachta gearán a rochtain ar shuíomh gréasáin na hinstitiúide ábhartha.
Má cheapadh tú gur caitheamh go héagóir leat nó mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh faoi do ghearán, is féidir leat [https://www.ombudsman.ie/index.xml?&Language=ga | teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman ]. De réir ar an dlí is féidir leis an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi ghníomhartha nó nósanna imeachta riaracháin ar bith chomh maith le moilleanna nó neamhghníomh i do dhéileálacha leis an institiúid.
Soláthraíonn an Ombudsman seirbhís neamhchlaonta neamhspleách um réiteach díospóidí atá saor in aisce.