Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht Árachais Shóisialta Pá-Choibhneasa (ÁSPC) má íocadh an ráta ÁSPC mícheart ó do phá nó ioncam.
Is féidir iarratais a dhéanamh don 4 bhliain chánach iomlán deiridh.
D’fhéadfá a bheith i dteideal aisíocaíochtaí ÁSPC sna cásanna seo a leanas:
D’íoc tú ÁSPC ar do phá iomlán fad is a bhí Sochar Máithreachais, Sochar Uchtála, Sochar Atharthachta, Sochar Breoiteachta nó Sochar Sláinte agus Sábháilteachta a fháil agat
Má theastaíonn tuilleadh samplaí uait féach ar na treoirlínte gaolmhara. .
Le haghaidh fostaithe, is é an bealach is tapa iarratas a dhéanamh ar líne ag MyWelfare.
Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit clárú le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí (PSC) agus d’fhón póca a nascadh leis an gcárta seo.
Le haghaidh cineálacha áirithe aisíocaíochta, teastaíonn doiciméid bhreise. Is féidir iad seo a uaslódáil le d’iarratas ar líne.
Mura féidir leat an córas ar líne a úsáid, is féidir leat foirm iarratais le haghaidh Aisíocaíocht Ranníocaíochtaí ÁSPC Fostaí (PRSI REF1) a íoslódáil agus a chomhlánú.
Application Form: Employee Refund of PRSI contributions (PRSI REF1)
Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig:
Is féidir le fostóirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar aisíocaíocht ar a son féin nó ar son fostaithe foirm iarratais le haghaidh Aisíocaíocht Ranníocaíochtaí ÁSPC Fostóra (PRSI REF2) a íoslódáil agus a chomhlánú.
Foirm iarratais don Fhostóir Aisíoc ar ranníocaíochtaí PRSI (PRSI REF2 GA)
Is féidir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh chuig:
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.