An Tionscadal Bunachar Sonraí ar Líne d’Iar-Bhunscoileanna (P-POD)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is bunachar sonraí lárnach é an córas Bunachar Sonraí ar Líne d'Iar-Bhunscoileanna (P-POD) ina bhfuil sonraí daltaí agus roinnt sonraí scoile. Is faoi chúram na Roinne Oideachais atá an bunachar. Tá teacht ag iar-bhunscoileanna ar an gcóras trí thairseach slán Esinet na Roinne chun sonraí a gcuid daltaí a chothabháil.
Baintear úsáid as sonraí chun poist mhúinteoireachta agus maoiniú a dháileadh ar scoileanna. Déantar mionsonraí iontrálaithe na scrúduithe Stáit a chuirtear ar fáil trí Thuairisceáin Dheireadh Fómhair a roinnt le Coimisiún na Scrúduithe Stáit.
Is é atá i dTuairisceán Dheireadh Fómhair an bailiú bliantúil sonraí maidir le clárúcháin daltaí a sholáthraíonn scoileanna iarbhunscoile aitheanta don Roinn. Úsáideann an Roinn na sonraí arna gcur ar ais chun poist mhúinteoireachta agus cistiú a leithdháileadh ar scoileanna. Maidir le hiontrálaithe scrúdaithe, déantar na sonraí arna gcur isteach a leithroinnt le Coimisiún na Scrúduithe Stáit d’fhonn cabhrú leis an eagrú agus leis an riarachán scrúduithe.
Éilítear ar scoileanna iarbhunscoile a dtuairisceáin a dhéanamh trí esinet, líonra cumarsáidí daingean na Roinne a úsáideann scoileanna. Éilítear ar scoileanna doiciméadú páipéir a bhaineann leis na tuairisceáin tráth nach déanaí ná an 7 Deireadh Fómhair chuig:
0041/2021
Fógra Próiseála Cothroime chun a mhíniú conas a dhéanfar sonraí pearsanta mac léinn in iar-bhunscoileanna ar an mBunachar Sonraí ar Líne d’Iar-bhunscoileanna (PPOD) a thaifeadadh, a phróiseáil agus a chomhroinnt