Is íocaíocht sheachtainiúil é Sochar Díobhála a dhéantar leat má tá tú neamhinniúil chun oibre mar gheall ar cheann de na nithe seo a leanas:
Chun cáiliú, ní mór duit a bheith neamhinniúil chun oibre ar feadh níos mó ná trí lá (gan an Domhnach nó saoire le pá san áireamh).
Nuair a tharla an tionóisc, nó nuair a tolgadh an galar ceirde, caithfidh go raibh tú fostaithe faoi aon cheann de na conarthaí seirbhíse nó printíseachtaí atá inárachais ag aicmí árachais shóisialaigh (ÁSPC) A, D, J nó M.
Mar sin féin, fiú má tá tú neamhinniúil chun oibre ar feadh trí lá nó níos lú is féidir leat fós éileamh a chlárú mar fhianaise gur tharla tionóisc cheirde. Cosnaíonn sé sin do chearta sa todhchaí sochar a fháil faoin Scéim um Shochar Díobhálacha Ceirde toisc go bhféadfadh tinneas nó míchumas teacht chun cinn níos déanaí.
Foráiltear leis an Acht um Shaoire Bhreoiteachta 2022 scéim pá breoiteachta reachtúil do gach fostaí a bhí lena f(h)ostóir reatha ar feadh 13 seachtaine ar a laghad. Ón 1 Eanáir 2024, tá teidlíocht de 5 lá saoire bhreoiteachta íoctha ag fostaí.
Is féidir leat léamh faoin tionchar a bhíonn ag Saoire Bhreoiteachta Reachtúil ar Shochar Díobhála in 2024 anseo.
Ón 1 Eanáir 2024, beidh an Pinsean Stáit (Ranníocach) níos solúbtha.
Má rugadh thú ar an nó tar éis an 1 Eanáir 1958, beidh tú in ann do phinsean a tharraingt anuas ag aois ar bith idir 66 agus 70 bliain d’aois.
Má roghnaíonn tú do phinsean a tharraingt anuas ag dáta níos déanaí ná 66 bliain d’aois, tabharfaidh sé sin an deis duit leanúint ag obair chun ranníocaíochtaí ÁSPC a dhéanamh. D’fhéadfadh sé sin do ráta pearsanta íocaíochta a mhéadú nó cabhrú leat na coinníollacha ranníocaíochta cáilitheacha don Phinsean Stáit (Ranníocach) a chomhlíonadh.
Má roghnaíonn tú gan do Phinsean Stáit (Ranníocach) a tharraingt anuas ag 66 bliain d’aois agus má chomhlíonann tú coinníollacha na scéime Sochar Díobhála, féadfaidh tú Sochar Díobhála a fháil/iarratas a dhéanamh air suas go dtí 70 bliain d’aois. Ní bhfaighidh tú ranníocaíochtaí creidiúnaithe agus tú ar Shochar Díobhála tar éis 66 bliain d’aois. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar do theidlíochtaí don Phinsean Stáit (Ranníocach). Tar éis 66 bliain d’aois, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Díobhála le hiarratas páipéir (IB1) ar féidir a fháil ó do dhochtúir ginearálta nó trí ghlaoch a chur ar 0818 928 400 nó 01 7043300
Má tá Sochar Díobhála á fháil agat cheana féin, má rugadh thú tar éis an 1 Eanáir 1958 agus tú ag druidim le 66 bliain d’aois, gheobhaidh tú litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí ag cur do roghanna in iúl duit.
Ráta seachtainiúil | - | |
Ráta pearsanta | €232.00 | - |
Méadú do dhuine fásta cáilithe | €154.00 | - |
Méadú do dhuine fásta cáilithe | Faoi 12 | Os cionn 12 |
Ráta iomlán | €46.00 | €54.00 |
Leathráta | €23.00 | €27.00 |
Ciallaíonn duine fásta cáilithe go bhfuil ioncam do chéile nó do pháirtnéara faoi bhun leibhéal áirithe agus go bhfaigheann tú méadú ar d’íocaíocht ina leith.
Chun leas a bhaint as Méadú do Leanbh Cáilithe ní mór do do leanbh:
Ag brath ar do chúinsí, d’fhéadfadh go mbeadh d’íocaíocht Sochar Díobhála nó cuid den íocaíocht sin faoi dhliteanas i leith cánach ioncaim. Ní ghearrtar cáin ar mhéaduithe a íoctar d’aon leanaí cleithiúnacha.
Íocann an Roinn Sochar Díobhála gan cáin a asbhaint. Tugann an Roinn fógra do na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, faoi mhéid inchánach an tSochair Dhíobhála atá le cur san áireamh chun críocha cánach ioncaim. Ciallaíonn sé seo nach gá duit aon rud a dhéanamh chun go n-íocfar an cháin cheart.
Tá faisnéis maidir le cánachas ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ar an leathanach Poist agus Pinsin ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim www.revenue.ie.
Ní ghearrtar árachas sóisialta (ÁSPC) agus Muirear Sóisialta Uilíoch MSU ar íocaíochtaí Sochar Breoiteachta
Ní féidir leat tabhairt faoi chúrsa oiliúna nó oideachais nó obair dheonach a dhéanamh gan cead scríofa a fháil roimh ré ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an rannán Sochar Díobhála chun an faomhadh seo a fháil.
Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Díobhála laistigh de 6 seachtaine i ndiaidh duit éirí tinn, nó d’fhéadfá an sochar seo a chailleadh. Déantar éilimh ar Shochar Díobhála le foirm IB1 (foirm iarratais ar Shochar Breoiteachta agus ar Shochar Díobhála), a fhaigheann tú ó do dhochtúir. Is féidir le do dhochtúir do Dheimhniú Éagumais chun Oibre a chomhlánú go leictreonach. Mura ndearnadh do theastas a chomhlánú go leictreonach, ní mór duit cóip pháipéir a chur isteach le d’iarratas ar Shochar Díobhála.
Ní mór do do dhochtúir do ‘Deimhniú Éagumais chun Oibre’ deiridh a mharcáil mar chríochnaitheach sula dtéann tú ar ais ag obair. Mura bhfuil an fhoirm marcáilte mar chríochnaitheach, ba cheart duit an Roinn a chur ar an eolas trí ríomhphost ag ClosemyIBclaim@welfare.ie nó trí úsáid a bhaint as na huimhreacha gutháin ag bun an leathanaigh seo.
Ba cheart an fhoirm éilimh agus ‘Deimhniú Éagumais chun Oibre’ (mura bhfuil ‘Deimhniú Ar Líne Éagumais chun Oibre’ curtha isteach ag dochtúir) a chur isteach chuig:
Déanann treoirlínte oibríochtúla cur síos ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann baill foirne na roinne agus iad i mbun a gcuid oibre.