Cuidíonn an Pacáiste Sochar Teaghlaigh le costais do bhillí leictreachais nó gáis a íoc. Cuimsíonn sé do cheadúnas teilifíse freisin.
Níl ach Pacáiste SocharTeaghlaigh amháin iníoctha in aghaidh an teaghlaigh.
Tá an pacáiste ar fáil do gach duine os cionn 70. Ní dhéantar tástáil acmhainne air agus ní gá duit pinsean a bheith á fháil agat.
Má tá tú idir 66 agus 70, féadfaidh tú an pacáiste a fháil fós, má chomhlíonann tú na coinníollacha riachtanacha.
D'fhéadfá cáiliú freisin má tá tú faoi 66 bliana d'aois agus Liúntas Míchumais, Pinsean Easláine, Pinsean na nDall nó Liúntas Cúramóra (má tá tú i do chónaí leis an duine dá dtugann tú aire) á fháil agat.
Chun cáiliú don Phacáiste Sochair Teaghlaigh, ní mór:
AGUS
NÓ
Má tá tú faoi 70 bliain d'aois agus má chónaíonn tú le do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, is féidir leat cáiliú don Pacáiste Sochar Teaghlaigh. Caithfidh íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach a bheith á fáil agat (féach thíos) agus:
ní mór do do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomhchónaitheoir a bheith ina Dhuine Fásta Cáilithe ar d’íocaíocht cháilitheach
NÓ
NÓ
Má tá tú idir 66 agus 70 bliain d'aois agus mura bhfuil íocaíocht cháilitheach á fáil agat, ní mór duit tástáil acmhainne a shásamh.
D’fhéadfadh Baintreach/Baintreach Fir/Páirtí Sibhialta Marthanach a fhaigheann gnáthphinsean Baintrí an Gharda Síochána agus atá idir 60 agus 65 bliain d’aois cáiliú don Pacáiste Sochar Teaghlaigh freisin.
D'fhéadfá cáiliú don Phacáiste Sochair Teaghlaigh má chomhlíonann tú ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
Más tionónta tú i maoin ar cíos, ní mór do do thiarna talún na nithe seo a leanas a sholáthar:
nó
Ní mór do do thiarna talún a dheimhniú freisin go bhfuil tú ag íoc do bhillí fuinnimh féin.
Is é €1.15 an ráta íocaíochta in aghaidh an lae le haghaidh do bhille leictreachais nó gáis. Déantar íocaíocht leis an soláthraí seirbhíse agus baintear an tsuim sin de do bhille ina dhiaidh sin nó is féidir an íocaíocht a íoc isteach i do chuntas bainc/i do chuntas oifig an phoist. Déantar an íocaíocht airgid go míosúil, ar an gcéad Mháirt de gach mí.
Chomh luath is a cháilíonn tú don Phacáiste Sochar Teaghlaigh, cáilíonn tú do Cheadúnas Teilifíse saor in aisce ón gcéad dáta eile ar a mbeidh sé le hathnuachan. Cuireann tú isteach air seo mar chuid de d'iarratas ar do Phacáiste Sochar Teaghlaigh.
Chun an íocaíocht Pacáiste Sochar Teaghlaigh a fháil mar shochar curtha i bhfeidhm ar do bhille leictreachais nó gáis, caithfidh tú bille a thaispeáint a chruthaíonn gur íocóir bille cláraithe thú le haghaidh an tseolta baile a bhfuil iarratas á chur isteach agat ina leith.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh anois ar www.MyWelfare.ie don Phacáiste Sochair Teaghlaigh. Déan iarratas ag baint úsáide as an nasc thíos:
Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar Shochair Teaghlaigh tríd an bhfoirm iarratais thíos a íoslódáil agus a sheoladh, mar aon le haon doiciméid tacaíochta chuig:
Foirm iarratais: Pacáiste Sochair Teaghlaigh (HB1)
Eagrán: Meán Fómhair 2020
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa Roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.