Scéim Dreasachta Poist Páirtaimseartha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Scéim atá sa Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha (an SDPP) a cheadaíonn do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach glacadh le fostaíocht pháirtaimseartha ar feadh níos lú ná 24 uair an chloig sa tseachtain agus forlíonadh ioncam sheachtainiúil speisialta a fháil. Caithfidh tú a bheith ar fáil chun obair lánaimseartha a dhéanamh agus caithfidh go bhfuil fíor-iarracht á déanamh agat obair a lorg fad a bhíonn tú rannpháirteach san SDPP.
Is féidir leat cáiliú don SDPP má tá tú go hiomlán dífhostaithe, má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat ar feadh ar a laghad 390 lá agus má tá íocaíocht chuardaitheora poist á fáil agat atá níos mó ná an ráta a mbeifeá i dteideal a fháil agus tú rannpháirteach sa Dreasacht Phoist Pháirtaimseartha.
Féadfar tréimhsí roimhe seo ina bhfaightear an Íocaíocht Paindéimeach Dífhostaíochta (PUP) díreach roimh shochair dífhostaíochta a fháil ina dhiaidh sin a áireamh i dtreo na tréimhse incháilitheachta 390 lá.
Caithfidh tú comhaontú le bheith rannpháirteach sa scéim ar feadh ar a laghad dhá mhí.
Caithfidh tú ranníocaíocht ÁSPC a íoc ar aicme A nó J agus caithfidh an líon iomlán uaireanta an chloig a oibríonn tú a bheith níos lú ná 24 uair an chloig sa tseachtain. Má thuilleann tú €38.00 nó níos mó sa tseachtain, beidh ort ranníocaíochtaí árachais Aicme A a íoc air. Má thuilleann tú níos lú ná €38.00, beidh ort ranníocaíochtaí árachais Aicme J a íoc.
Is féidir leat breis agus post amháin a bheith agat chomh fada agus a shásaíonn na poist na coinníollacha don SDPP agus gur lú an líon iomlán uaireanta an chloig ná 24 uair an chloig gach seachtain.
Má fhaigheann tú obair lánaimseartha, ní féidir leat bheith rannpháirteach san SDPP arís ag deireadh d’oibre lánaimseartha, is cuma a ghiorra a bhí an tréimhse a chaith tú de pháirt a ghlacadh inti.
Ní cheadaítear d’fheirmeoirí beaga páirt a ghlacadh sa scéim ach tá síneadh á chur leis an scéim chun gur féidir le daoine féinfhostaithe a bhfuil Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 nó íocaíocht Chuardaitheora Poist á fáil acu agus a bhfuil féinfhostaíocht á hatosú acu ar feadh a fhaide le 24 uair an chloig sa tseachtain. Tá eolas breise ar fáil, anseo.
Gheobhaidh tú liúntas seachtainiúil:
Ní íoctar aon mhéaduithe ar na rátaí seo d’aon leanaí. Íoctar an liúntas gan aird ar cé mhéid airgid a thuilleann tú i do phost. Gearrfar cáin ar do phá ar an ngnáthbhealach, áfach.
Déantar íocaíocht gach seachtain le do chuntas bainc.
Caithfidh tú féin agus d’fhostóir foirm PTJI 2 a líonadh ag deireadh gach tréimhse ceithre seachtaine. Caithfear é seo a dhéanamh lena dheimhniú gur oibrigh tú níos lú ná 24 uair an chloig gach seachtain agus go bhfuil fostaíocht inárachais agat.
Le haon sos íocaíochta a sheachaint, moltar go seoltar an fhoirm líonta ar ais go pras chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
A luaithe a fuair tú post páirtaimseartha, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh le hiarratas a dhéanamh. Iarrfar ort foirm PTJI 1 a líonadh agus sonraí a thabhairt faoi d’fhostaíocht pháirtaimseartha.
Líon foirm iarratais PTJI 1 (tá nasc leis thíos) agus seol ar ais é chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Beidh an Cásbhainisteoir ann ábalta eolas breise a thabhairt duit ar an Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha agus ar aon roghanna eile atá ar fáil.
Caithfidh d’fhostóir foirm PTJI 2 a líonadh ag deireadh gach tréimhse ceithre seachtaine leis na huaireanta a d’oibrigh tú a dheimhniú agus lena dheimhniú go bhfuil fostaíocht inárachais agat. Caithfidh tú dearbhú a shíniú (trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chéanna) a dheimhníonn gur oibrigh tú níos lú ná 24 uair an chloig gach seachtain.
Caithfidh tú an fhoirm seo a sheoladh/a thabhairt ar ais chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh áitiúil. Má bhíonn aon mhoill ar an bhfoirm seo a sheoladh/a thabhairt ar ais, cuirtear an íocaíocht ar fionraí go dtí go bhfaightear an fhoirm.
Déantar íocaíocht gach seachtain isteach i do chuntas bainc.