Is é is parúl ann duine a scaoileadh as príosún faoi choinníollacha áirithe. Tá sé ar fáil do phríosúnaigh ar cuireadh príosúnacht saoil orthu agus a bhfuil 12 bhliain dá bpianbhreith curtha isteach acu.
Má dheonaítear parúl duit, beidh coinníollacha diana ann nach mór duit cloí leo. Liostaítear iad sin ar an ordú parúil a thabharfaidh an Bord Parúil duit.
Má scaoiltear thú ar pharúl, beidh pianbhreith saoil á cur isteach agat fós ach beidh tú ag déanamh amhlaidh sa phobal. Féadfar thú a fhilleadh ar phríosún má athchiontaíonn tú nó má sháraíonn tú aon cheann de choinníollacha d’ordaithe parúil.
Féadfaidh íospartaigh aighneachtaí a dhéanamh chun an Bhoird Parúil nua agus féadfaidh siad ionadaíocht dhlíthiúil a bheith acu le linn an phróisis aighneachta.
Tabharfaidh an Bord Parúil na breitheanna uaidh ar pharúl go neamhspleách ón Aire Dlí agus Cirt.
Gach bliain, seolann Seirbhís Phríosúin na hÉireann liosta chuig an mBord Parúil de na príosúnaigh a bheidh incháilithe le haghaidh parúil sna 18 mí ina dhiaidh sin.
Má tá tú ar an liosta sin, seolfaidh an Bord Parúil litir chugat á chur in iúl go bhfuil tú incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar pharúl.
Tar éis duit an litir sin a fháil, is féidir leat a chinneadh cé acu is mian nó nach mian leat iarratas a dhéanamh ar pharúl. Má dhéanann tú iarratas, féadfaidh tú ionadaí dlíthiúil a rochtain chun tú a threorú tríd an bpróiseas.
Féadfaidh an Bord Parúil tuarascálacha fút a iarraidh ó roinnt foinsí, lena n-áirítear gobharnóir an phríosúin, seirbhís síceolaíochta an phríosúin, an tSeirbhís Phromhaidh agus an Garda Síochána.
Comhroinnfear na tuarascálacha sin leatsa agus le d’ionadaí dlíthiúil, seachas in imthosca eisceachtúla. Pléifear an fhaisnéis sin leat sula dtabharfar aon bhreith nó sula ndéanfar aon mholadh. Déanfaidh comhaltaí den Bhord Parúil socruithe chun bualadh leat chun plé a dhéanamh ar d’iarratas
Beidh tú incháilithe le haghaidh iarratas a dhéanamh ar pharúl más rud é go bhfuil pianbhreith saoil i bpríosún nó in ionad coinneála á cur isteach agat agus go bhfuil 12 bhliain ar a laghad den phianbhreith saoil sin curtha isteach agat.
Ní fhéadfar thú a tharchur chun iarratas a dhéanamh ar pharúl má tá tú i d’othar in ionad ainmnithe – mar shampla, an Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar. Is féidir go dtarchuirfear thú tar éis duit filleadh ar an bpríosún.
Mura ndeonaítear scaoileadh duit ar d’iarratas ar pharúl, inseoidh an Bord Parúil duit cén uair a fhéadfaidh tú iarratas a dhéanamh an athuair.
Is féidir go mbeidh ar phríosúnaigh dul faoin bpróiseas Parúil roinnt uaireanta agus dul chun cinn fiúntach ar a n-athshlánú a thaispeáint sula ndeonófar parúl dóibh.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach an doiciméad thíos.