An Scéim Postroinnte do Mhúinteoirí agus do Chúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é is aidhm leis an Scéim Postroinnte cuidiú le múinteoirí agus le CRSanna freastal ar oibleagáidí oibre agus ar fhreagrachtaí/roghanna pearsanta araon.
Féadann múinteoir iarratas a chur isteach ar phost lánaimseartha a roinnt ar bhonn 50:50 le duine atá ina m(h)úinteoir lánaimseartha cheana nó is féidir le múinteoir cur isteach ar a (h)uaireanta a laghdú go 50% d’uaireanta múinteora lánaimseartha. Is í aon scoilbhliain amháin an tréimhse is lú do shocrú Postroinnte.
Le haghaidh breis eolais, féach le do thoil ar Scéim Postroinnte atá i gCiorclán 0054/2019 dar teideal "Scéimeanna Saoire do Mhúinteoirí Cláraithe atá Fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta".
Mar fhreagairt ar dheacrachtaí a bhaineann le soláthar múinteoirí, tá an cosc ar obair mar mhúinteoir ionaid a cuireadh i bhfeidhm ar an Scéim Postroinnte mar a leagtar amach í i gCaibidil 8 (Mír 11.1(a)) de Chiorclán 54/2019 curtha ar fionraí don scoilbhliain 2024/25. De réir na socruithe sealadacha atá i bhfeidhm faoi láthair, is ceadmhach múinteoir Postroinnte a fhostú mar mhúinteoir ionaid, le linn na tréimhse ina bhfuil sé/sí ‘gan bheith ar dualgas’ de réir an uainchláir. Féach le do thoil ar Nóta Faisnéise TC/IN 0008/2024
Féadann CRS iarratas a chur isteach ar an bpost lánaimseartha atá aige/aici faoi láthair a roinnt ar bhonn 50:50, is é sin, le nach gá dóibh a oibriú ach leath de na huaireanta seachtainiúla a bhfuil siad faoi chonradh a oibriú faoi láthair.
Is í aon scoilbhliain amháin an tréimhse is lú do shocrú Postroinnte.
Le haghaidh breis eolais faoin Scéim Postroinnte do CRSanna, féach le do thoil ar Chiorclán 41/2014 , dar teideal “Scéim Postroinnte do Chúntóirí Riachtanas Speisialta atá Fostaithe i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna Aitheanta”.
Ba cheart d’fhostóirí a bheith ar an eolas faoi leasú ar Chiorclán 0041/2014 dar teideal: ‘Scéim Postroinnte do Chúntóirí Riachtanas Speisialta i mBunscoileanna agus Iar-bhunscoileanna Aitheanta”. Féach le do thoil ar Nóta Eolais TC/IN 0002/2023
Ní mór do mhúinteoir an Fhoirm Iarratais in Aguisín A a chomhlánú go bliantúil agus é a thabhairt dá f(h)ostóir tráth nach déanaí ná an 1 Feabhra roimh an scoilbhliain ina bhfuil sé i gceist aige/aici tús a chur le postroinnt. Mar an gcéanna, más mian le múinteoir síneadh ama a chur le socrú postroinnte atá i bhfeidhm cheana, ní mór dó/di an Fhoirm Iarratais a chur isteach roimh an 1 lá d’Fheabhra.
Ní mór do CRS ar mian leis nó léi cur isteach ar phost postroinnte an Fhoirm Iarratais atá i i gCiorclán 41/2014 a chomhlánú agus í a chur faoi bhráid a f(h)ostóra go bliantúil, ag tráth nach déanaí ná an 1 Márta roimh an scoilbhliain ina bhfuil sé i gceist aige/aici tús a chur le postroinnt. Mar an gcéanna, ní mór do CRS ar mian leis nó léi síneadh ama a chur le socrú postroinnte atá i bhfeidhm cheana an Fhoirm Iarratais seo a chur isteach faoin 1 Márta.
Múinteoirí agus CRSanna: Rannán Téarmaí agus Coinníollacha do Mhúinteoirí/CRSanna,
Seoladh:
Téarmaí agus Coinníollacha do Mhúinteoirí/CRSanna, an Roinn Oideachais, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí. N37 X659
Seoladh ríomhphost:
Uimhir gutháin:
Sosanna/saoire d’fhoireann na scoile