Dreasacht fostóra é JobsPlus a spreagann agus a bhronnann luaíocht ar fhostóirí a thairgeann deiseanna fostaíochta do dhaoine atá dífhostaithe. Cuirtear dhá leibhéal íocaíochta ar fáil d'fhostóirí: €7,500 nó €10,000 thar 18 mí, agus an leibhéal íocaíochta ag brath ar aois an chuardaitheora poist agus an fad ama a bhfuil íocaíocht cháilitheach á fáil aige.
Is féidir le fostóirí incháilithe a earcaíonn fostaithe lánaimseartha iarratas a dhéanamh ar an dreasacht.
Tá scéim JobsPlus comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tá comhchistiú á sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach do JobsPlus do rannpháirtithe faoi 30 bliain d'aois faoi Chlár Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE+) 2021-2027. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.
Má dhéanann fostóir cinneadh fostaí breise a earcú, is féidir leis Iarratas ar Líne JobsPlus d'Fhostóirí a líonadh agus ainm na cuideachta, méid a lucht saothair, sonraí bainc agus earnáil gheilleagrach na cuideachta á dtabhairt, mar shampla. Nuair a chuirtear é seo isteach, déanfaidh oifigeach de chuid na roinne athbhreithniú air agus seiceálfaidh siad go bhfuil an deimhniú imréitigh cánach in ord agus seolfaidh siad ríomhphost chuig an bhfostóir má cheadaítear é.
Nuair a dheimhníonn an roinn cáilitheacht, is féidir leis an bhfostóir tús a chur le hearcaíocht. D'fhéadfadh siad dul i dteagmháil lena nIonad Intreo áitiúil chun an folúntas a phlé. D'fhéadfadh siad an folúntas a fhógairt ar www.jobsireland.ie freisin.
Chun eolas a fháil ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an scéim JobsPlus, tá cur i láthair fostóra ar fáil anseo.
Tar éis tabhairt faoi réamhagallaimh agus tar éis a chuirtear iarrthóirí ar an ngearrliosta, ba chóir d'fhostóirí a iarraidh ar na hiarrthóirí seo logáil isteach ar Iarratas ar Líne JobsPlus d'Fhostaithe agus é a líonadh lena gcáilitheacht do JobsPlus a sheiceáil.
Déanfaidh an roinn a n-iarraidh a phróiseáil agus má dheimhnítear go bhfuil siad incháilithe, seolfar foirm dhá chuid JP1 chuig an iarrthóir. Deimhneofar i gCuid A d'fhoirm JP1 cáilitheacht an fhostaí agus an ráta íocaíochta d'fhostóir ionchasach, tá Cuid B le líonadh ag an bhfostóir má roghnaíonn sé an t-iarrthóir a fhostú.
Ba cheart don iarrthóir foirm dhá chuid JP1 a thabhairt leis/léi lena ndeimhnítear a c(h)áilíocht don fhostóir chun gur féidir leis breithniú a dhéanamh air.
Nuair a shainaithníonn fostóir an t-iarrthóir is oiriúnaí don phost, ba cheart dó Cuid B d'Fhoirm JP1 a líonadh don iarrthóir sin, an dearbhú a shíniú agus í a sheoladh ar ais chuig an roinn. Déanfaimid foirm JP1 a phróiseáil agus nuair a shásaítear na coinníollacha go léir, cuirfear fostóirí ar an eolas ar ríomhphost gur bronnadh an dreasacht orthu i dtaobh an fhostaí a shonraítear ar fhoirm JP1.
Chomh luath is a dhéantar post a thairiscint don iarrthóir, ba cheart don iarrthóir teagmháil a dhéanamh leis an roinn lena n-éileamh cuardaitheora poist a dhúnadh. Is féidir é seo a dhéanamh ar líne ag Dún m'Éileamh Cuardaitheora Poist nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Ionad Intreo nó Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh. Ní féidir tús a chur le híocaíocht JobsPlus go dtí go ndeimhnímid gur dúnadh éileamh cuardaitheora poist an fhostaí nua.
Ba chóir d'fhaighteoirí Liúntas Míchumais nó Phinsean na nDall an rannóg ábhartha a chur ar an eolas nuair a chuireann siad tús lena bhfostaíocht.
Is féidir freisin le cuardaitheoir poist a n-incháilitheacht mar fhostaí don dreasacht JobsPlus a fhíorú trí iarratas a dhéanamh ar líne ag JobsPlus ag am ar bith. Déanfaidh an roinn measúnú ar incháilitheacht an duine agus seolfar litir formheasa/litir neamh-fhormheasa sa phost. Tá incháilitheacht cuardaitheora poist mar fhostaí do JobsPlus bailí ag an am a fhíoraíonn an roinn í agus déantar é a athdheimhniú nuair a earcaítear an cuardaitheoir poist. D'fhéadfaí athbhreithniú ar incháilitheacht a dhéanamh má thagann athrú ar chúinsí an chuardaitheora poist.
Déanfar íocaíocht gach mí i riaráistí trí ríomhaistriú airgid thar thréimhse 18 mí. Ní mheasfar go bhfuil cáin le gearradh ar an íocaíocht sin chun críocha cáin ioncaim nó chorparáide ó thaobh an fhostóra de. Ní mór don fhostaí incháilithe JobsPlus a bheith ar an bpárolla agus a bheith faoi réir ÍMAT agus ÁSPC (Aicme A).
Má cheadaítear an t-iarratas, íocfar na híocaíochtaí seo a leanas leis an bhfostóir thar thréimhse 18 mí do gach duine incháilithe a earcaíonn sé agus a leanann sé lena f(h)ostú.
Beidh na rátaí seo a leanas i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2024:
Faighteoir Íocaíocht Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais / Pinsean na nDall faoi bhun 30 bliain d'aois | Cuimsítear le faighteoirí íocaíocht cuardaitheora poist daoine a éilíonn an méid seo a leanas: Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe, Dreasacht Poist Páirtaimseartha agus éilimh ar Chreidmheasanna Amháin. Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall san áireamh ó Eanáir 2023 | Ní mór go mbeadh 4 mhí (104 lá) sna 6 mhí dheireanacha acu |
Faighteoir Íocaíocht Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais/Phinsean na nDall os cionn 30 bliain d'aois agus faoi bhun 50 | Áirítear éilitheoirí ar an méid seo a leanas i bhfaighteoirí Cuardaitheora Poist: Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe, Dreasacht Poist Páirtaimseartha agus éilimh ar Chreidmheasanna Amháin. Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall san áireamh ó Eanáir 2023 | Ní mór go mbeadh 12 mí (312 lá) sna 18 mí dheireanacha acu |
Daoine a bhfuil Stádas Dídeanaí acu agus a fhaigheann íocaíochtaí cáilitheacha | Ní bhaineann aon tréimhse cháilitheach leis seo | |
Íocaíocht Idirthréimhseach Cuardaitheora Poist | Iarchustaiméirí Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a bhfuil an leanbh is óige acu 7 mbliana d'aois ar a laghad agus níos óige ná 14, a aistríonn chuig an mbeochlár agus a bhfuil Íocaíocht Idirthréimhseach Liúntais Cuardaitheora Poist á fáil acu | Ní bhaineann aon tréimhse cháilitheach leis seo |
Faighteoir Íocaíocht Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais/Phinsean na nDall faoi bhun 50 bliain d'aois | Cuimsítear le faighteoirí íocaíocht cuardaitheora poist daoine a éilíonn an méid seo a leanas: Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe, Dreasacht Poist Páirtaimseartha agus éilimh ar Chreidmheasanna Amháin. Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall san áireamh ó Eanáir 2023 | Ní mór go mbeadh siad dífhostaithe le 24 mí sna 30 mí dheireanacha |
Faighteoir Íocaíocht Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais / Phinsean na nDall os cionn 50 bliain d'aois | Cuimsítear le faighteoirí íocaíocht cuardaitheora poist daoine a éilíonn an méid seo a leanas: Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe, Dreasacht Poist Páirtaimseartha agus éilimh ar Chreidmheasanna Amháin. Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall san áireamh ó Eanáir 2023 | Ní mór go mbeadh 12 mí (312 lá) sna 18 mí dheireanacha acu |
Duine den Lucht Siúil nó den ghrúpa eitneach Romach a fhaigheann íocaíocht cháilitheach | 4 mhí (104) lá sna 6 mí dheireanacha | |
Daoine a fhaigheann íocaíocht cháilitheach a bhfuil taifead coiriúil le déanaí aige/aici nó duine a raibh fadhb le handúil aige/aici (le 5 bliana anuas) | 4 mhí (104) lá sna 6 mhí dheireanacha |
Nóta: Is féidir an t-am a chaitear ar réimse eile oideachais, oiliúna, socrúcháin oibre agus scéimeanna tacaíochta um ghníomhachtúchán a mheas agus an líon laethanta is gá le híocaíocht cháilitheach a fháil á shocrú.
Is féidir am a caitheadh i bpríosún a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilithí chomh fada is a dhéantar teidlíocht d'íocaíocht leasa shóisialaigh a athdheimhniú.
Beidh cuardaitheoirí poist nach bhfuil íocaíocht cuardaitheora poist á fáil acu agus atá ag síniú le haghaidh creidmheasanna cuardaitheora poist ÁSPC incháilithe freisin chomh fada is atá siad ar an mbeochlár ar feadh an líon laethanta is gá.
Déantar rannpháirtithe JobsPlus atá níos óige ná 30 bliain d'aois a chomhchistiú ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE+).
Is féidir le fostóir/cuardaitheoir poist cur isteach ar Scéim JobsPlus ar líne arís mar is gnách.
Ba cheart do chuardaitheoirí poist clárú ar líne anseo
Ba cheart d'fhostóirí clárú ar líne anseo
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gá d'fhostóirí a ceadaíodh do scéim JobsPlus roimhe seo clárú arís.
Tá eolas breise ar fáil ó d'Ionad Intreo áitiúil nó trí na sonraí teagmhála thíos a úsáid.
Déantar cur síos i dtreoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus na nósanna imeachta a leanann an fhoireann sa roinn agus iad i mbun a gcuid oibre.
Tá JobsPlus comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.