Ógtheagmháil (Youthreach)
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Clár um Infhostaitheacht, Ionchuimsiú agus Foghlaim 2014-2020 cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus CSE le leithdháileadh speisialta ón Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg.
Soláthraítear leis an gclár um Ógtheagmháil dhá bhliain d’oideachas, oiliúint agus taithí oibre ar fad comhtháite do luathfhágálaithe scoile atá dífhostaithe gan aon cháilíochtaí ná gairmoiliúint acu agus atá idir 15 agus 20 bliain d’aois.
Tá beagnach 6,000 áit ar fáil ar fud na tíre faoi scáth Ógtheagmhála. Soláthraíonn BFOanna beagnach 3,700 de na háiteanna sin laistigh de díreach os cionn 100 ionad Ógtheagmhála. Soláthraíonn FÁS an chuid is mó de na háiteanna eile in Ionaid Oiliúna Pobail.
De ghnáth soláthraítear leis an gclár dhá bhliain d’oideachas, oiliúint agus taithí oibre ar fad comhtháite. Is gnéithe den chlár iad oiliúint ar bhunscileanna, oiliúint oibre phraiticiúil agus oideachas ginearálta, agus tá cur i bhfeidhm na teicneolaíochta nua comhtháite i ngach gné d’ábhar an chláir.
Tá béim láidir ar fhorbairt phearsanta, ar na scileanna lárnacha nó ar an litearthacht/uimhearthacht, cumarsáid agus TF, mar aon le rogha de ghairmroghanna agus clár taithí oibre.
Ainmnítear ionaid ógtheagmhála arna mbainistiú ag BFOanna, mar ‘ionaid oideachais’ faoin Acht Oideachais, 1998. In 2006, thosaigh Cigireacht na roinne ag déanamh meastóireachtaí lárionaid ar ionaid Ógtheagmhála de chuid BFOanna.
Tá foghlaimeoirí ar an gclár Ógtheagmhála i dteideal liúntais oiliúna a fháil. Tá liúntais bhreise le haghaidh béilí, taistil agus cóiríochta ar fáil freisin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an gclár um Ógtheagmháil i do cheantar, téigh i dteagmháil le do Bhord Fostaíochta agus Oiliúna (BFO) .