Is dhá íocaíocht leasa shóisialaigh é an Sochar Banchéile Thréigthe agus Liúntas Banchéile Thréigthe a íoctar le mná ar thréig a bhfear céile iad.
Cuireadh stop le glacadh le hiarratais nua le haghaidh na n-íocaíochtaí seo in Eanáir 1997, tráth ar bunaíodh an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.
Tá an Sochar Banchéile Thréigthe fós á fháil ag roinnt ban mar gur cháiligh siad don íocaíocht roimh an 2 Eanáir 1997 agus go bhfuil na critéir cháilithe fós á gcomhlíonadh acu.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi íocaíochtaí Banchéile Thréigthe déan teagmháil le:
Is íocaíocht é an Sochar Banchéile Thréigthe a dhéanamh le bean atá tréithe ag a fear céile. Tá teidlíocht don íocaíocht bunaithe ar na ranníocaíochtaí árachais shóisialta atá íoctha ag an mbean nó ag a fear céile.
Má tá tú tar éis aistriú ó Shochar Banchéile Thréigthe go dtí Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, ionas gur féidir glacadh leat mar rannpháirtí ar Scéim Fostaíochta Pobail, is féidir leat iarratas a dhéanamh do theidlíocht don Sochar Banchéile Thréigthe a athbhunú.
Tá an t-uasráta seachtainiúil don Sochar Banchéile Thréigthe níos airde ná uasráta seachtainiúil na hÍocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora.
Má cháilíonn tú chun do theidlíocht don Sochar Banchéile Thréigthe a athbhunú, b’fhéidir go mbeadh riaráistí dlite duit.
Is féidir le mná a bhfuil Sochar Banchéile Thréigthe á fháil acu iarratas a dhéanamh ar agus aistriú chuig an Pinsean Stáit (Ranníocach) nuair a shlánaíonn siad 66 bliain d’aois.
Má tá ráta laghdaithe den Sochar Banchéile Thréigthe á fháil agat faoi láthair, ach má bhí tú ag obair, b’fhéidir go mbeadh tú cáilithe le haghaidh ráta níos airde den Phinsean Stáit (Ranníocach), bunaithe ar do ranníocaíochtaí ÁSPC féin, nuair a shlánaíonn tú 66 bliain d’aois.
Mura gcáilíonn tú don Phinsean Stáit (Ranníocach) nuair a shlánaíonn tú 66 bliain d’aois, áfach, gheobhaidh tú ráta níos airde den Sochar Banchéile Thréigthe go huathoibríoch.
Ranníocaíocht ÁSPC | Ráta in aghaidh na seachtaine (faoi 66 bliain d’aois) | Ráta in aghaidh na seachtaine (66 bliain d’aois nó níos sine) |
48 nó níos sine | €237.50 | €277.30 |
36-47 | €233.90 | €271.90 |
24-35 | €231.20 | €265.50 |
Chomh maith leis sin, b’fhéidir go bhfaighfeá méadú ar d’íocaíocht le haghaidh leanaí cleithiúnacha agus sochair bhreise cosúil le Liúntas Maireachtála Aonair agus Liúntas Breosla.
Rátaí laghdaithe den Sochar Banchéile Thréigthe
Tá aon iarratas nua ar Shochar Banchéile Thréigthe a fhaightear ar nó i ndiaidh an 31 Lúnasa 1992 faoi réir teorainn ar thuilleamh agus ní mór an coinníoll maidir le ranníocaíocht ÁSPC a chomhlíonadh.
Gheobhaidh tú ceann de na rátaí atá luaite leis an Sochar Banchéile Thréigthe atá sonraithe sa tábla thuas má tá d’ioncam bliantúil cothrom le níos lú ná €20,000.
Níl tú i dteideal Sochar Banchéile Thréigthe má tá tú thuilleamh cothrom le níos mó ná €20,000.
Pointe tábhachtach is ea nach mbaineann ráta laghdaithe de Shochar Banchéile Thréigthe atá bunaithe ar thuilleamh nó ranníocaíochtaí ÁSPC uireasacha le héilimh a rinneadh roimh an 31 Lúnasa 1992.
Ní féidir iarratas a dhéanamh ar Shochar Banchéile Thréigthe níos mó nó Liúntas Banchéile Thréigthe - níltear ag glacadh le hiarratais nua ar na híocaíochtaí seo ó mhí Eanáir 1997.
Is féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora. anois.
Má tá Sochar Banchéile Thréigthe á fháil agat, b’fhéidir go mbeifeá i dteideal sochar breise ón roinn, lena n-áirítear Liúntas Maireachtála Aonair agus Pacáiste Sochair Teaghlaigh nuair a shlánaíonn tú 66 bliain d’aois.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi íocaíochtaí Banchéile Thréigthe déan teagmháil le:
Déantar cur síos sna treoirlínte oibríochtúla ar na próisis agus nósanna imeachta a gcloíonn comhaltaí foirne sa roinn leo nuair a bhíonn siad i mbun a gcuid oibre.