Bí i do phrintíseach
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is clár oiliúna agus oideachais atá sa phrintíseacht. Déantar foghlaim in institiúid oideachais agus oiliúna a chomhcheangal le foghlaim bunaithe san áit oibre i gcuideachta. Déantar ar a laghad leath den fhoghlaim phrintíseachta san áit oibre.
Mar phrintíseach, tuilleann tú do chuid agus tú ag foghlaim. Bíonn conradh fostaíochta foirmiúil agat, agus íoctar tuarastal leat le linn d’oiliúna mar phrintíseach.
Is féidir go maireann printíseacht idir dhá bhliain agus ceithre bliana. Tá 56 cineál printíseachta ar fáil ar fud 13 thionscal éagsúla.
Bíonn cáilíochtaí atá aitheanta ar bhonn idirnáisiúnta ina thoradh ar phrintíseachtaí. Cuirtear iad sin ar fáil ó leibhéal 6 go leibhéal 10 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
Braitheann cáiliú mar phrintíseach ar an bprintíseacht a bhfuil iarratas déanta agat ina thaobh.
De ghnáth is idir 16 agus 18 mbliana an aois íosta Níl aon teorainn aoise uasta ann.
D’fhéadfadh cáilíochtaí oideachais íosta a bheith i gceist le printíseachtaí áirithe.
Gheobhaidh tú na cáilíochtaí a theastaíonn uait agus na riachtanais incháilithe iomlána sa external-link https://apprenticeship.ie/career-seekers/get-started/discover | chlár faisnéise sonrach i dtaca le gach printíseacht. ]
Le bheith i do phrintíseach in Éirinn ní mór d’fhostóir tú a fhostú.
Chun fostóir atá ag iarraidh printíseach a fhostú a aimsiú, cuardaigh i dtairseach na jabanna . Is féidir cuardach a dhéanamh de réir láithreach agus de réir printíseachta gairme.
Is féidir go mbeadh sonraí fostóirí atá ag lorg printísigh ag do bhord oideachais agus oiliúna áitiúil .
Ní mór do gach fostóir a bheith faofa ag SOLAS sula bhfostaíonn siad printísigh.