An Clár Socrúcháin Taithí Oibre
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é atá sa Chlár Socrúcháin Taithí Oibre (WPEP) ná clár taithí oibre dheonach 30 uair sa tseachtain a mhaireann 6 mhí. Tá an clár dírithe ar chuardaitheoirí poist a bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh cháilitheach á fáil acu faoi láthair agus atá dífhostaithe ar feadh sé mhí (156 lá) nó níos faide.
Is ionann an ráta íocaíochta agus €323 sa tseachtain.
Féach an liosta cáilitheach sa chéad chuid eile.
Más mian leat tabhairt faoi athoiliúint agus taithí a fháil i gcineál eile fostaíochta, is féidir leis an gclár seo cabhrú leat scileanna nua a fhorbairt agus taithí oibre a fháil. Ní féidir leat glacadh le socrúchán i réimse ina bhfuil taithí faighte agat cheana féin sa ról.
Is féidir leat obair pháirtaimseartha a dhéanamh fad a bhíonn tú ag glacadh páirte sa chlár, a fhad agus nach bhfuil tionchar ag an obair pháirtaimseartha ar do shocrúchán. Ní féidir an obair pháirtaimseartha a dhéanamh le hóstach an WPEP.
Chun cáiliú don Chlár Socrúcháin Taithí Oibre, caithfidh gur cuardaitheoir poist thú:
Is féidir am a caitheadh ar na scéimeanna thíos a chur san áireamh mar chuid de na critéir cháilitheacha 6 mhí (156 lá). Caithfidh tú aistriú chuig íocaíocht Chuardaitheora Poist sular féidir leat glacadh leis an socrúchán.
Cuirtear eolas ar fáil sna Treoirlínte maidir leis an CSTO ar cháilitheacht rannpháirtithe nó is féidir leat seiceáil leis an gCásoifigeach i do Ionad Intreo áitiúil féachaint an bhfuil tú i dteideal páirt a ghlacadh in aon scéim nó socrúchán.
Is é an ráta íocaíochta €323 sa tseachtain.
Má tá tú i dteideal sochair bhreise a fháil, cosúil le Liúntas Breosla, Méadú do Mhaireachtáil Aonair nó Liúntas Tacaíochta Gutháin , is féidir leat iad seo a fháil anuas ar phríomhíocaíocht an CSTO.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an CSTO trí chlárú ar JobsIreland.ie.
A luaithe a bhíonn tú cláraithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar fholúntais an CSTO a fhógraítear ar JobsIreland.
Foirm iarratais: Chlár Socrúcháin Taithí Oibre (WPEP1)
Iúil 2021
Clár Socrúcháin Taithí Oibre: Plean agus Treoirlínte Foghlama Pearsanta an Rannpháirtí (WPEP2)
Nuashonraithe: Iúil 2021
Work Placement Experience Programme: Personal Learning Journal